Skip to main content
Happy Boy Jumping for Joy


Nuacht

Splancacha geala, croíthe cruthaitheacha

Is lá tábhachtach é Lá na Leanaí Uile ar a sonraítear na cearta uathúla agus an tsaoirse pearsanta atá ag leanaí. Fiosraigh na tionscnaimh éagsúla atá ag Clár Éire Ildánach chun acmhainneacht shíoraí samhlaíochta na n-óg a chothú.

Bhunaigh na Náisiúin Aontaithe an lá seo sa bhliain 1954 chun aontacht agus feasacht a chur chun cinn i measc leanaí agus chun leas leanaí a chur chun cinn; déanaimid comóradh ar ghlacadh Chomhthionól Ginearálta na NA le Dearbhú Cearta an Linbh sa bhliain 1959 agus ar ghlacadh Coinbhinsiún um Chearta an Linbh sa bhliain 1989 chomh maith ar an 20 Samhain.

Táimid ag breathnú ar roinnt dár dtionscnaimh iomadúla a ardaíonn feasacht ar thábhacht cruthaitheachta na leanaí, agus a bhféinléiriú agus an acmhainneacht a bhíonn iontu ó dhúchas; leis an bplean CI_ChildrensPlan_Screen_1, atá mar chuid de Cholún a hAon Chlár Éire Ildánach ina ndírítear ar chumas cruthaitheach gach leanbh agus gach duine óg sa tír seo.

Cuireadh tús le Scoileanna Ildánacha i Meán Fómhair inar ghlac 150 scoil le cur chuige nua i leith na foghlama. Bhí sé mar aidhm aige an rochtain a bhíonn ag leanaí ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ar scoil a mhéadú agus i measc na scoileanna a roghnaíodh bhí bunscoileanna, meánscoileanna, scoileanna speisialta, scoileanna DEIS agus scoileanna comhoideachais, ionaid Ógtheagmhála, scoileanna tuaithe, scoileanna uirbeacha, scoileanna aonghnéis agus scoileanna lán-Ghaeilge. Sannadh Comhlach Cruthaitheach – ealaíontóir agus/nó oideoir é/í Comhlach Cruthaitheach ag a bhfuil tuiscint cheart ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus ar an gcumas atá acu saol daoine óga a athrú.

Idir an dá linn, tá an scéim Braislí Ildánacha ag éascú daltaí as 73 scoil píolótach foghlaim trí ghníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha saincheaptha. Beidh rochtain ag gach scoil ar éascaitheoir speisialta, ar ealaíontóir nó ar shaineolaí cruthaitheach atá de dhíth orthu chun cláir foghlama speisialta a chruthú dá scoláirí mar chuid den chlár seo. Go dtí seo, chruthaigh cúig scoil i nDún na nGall gníomhaíochtaí bunaithe ar chumas iontach na drámaíochta féinmhuinín a fhorbairt; agus sa Chlár, tá scoileanna ag úsáid ábhar in-athchúrsáilte chun fadhbanna eolaíochta a imscrúdú, a dhearadh agus a thástáil.

Tá raon leathan tionscnamh dírithe ar leanaí ar na bacáin chomh maith tríd ár gCiste Náisiúnta Ildánachta (CNI). Forbraíodh an ciste seo i mí Dheireadh Fómhair agus tá sé ag cur tús agus ag tacú le tionscnaimh éagsúla atá iontach ceannródaíoch, le tionscadail taighde agus le cláir phobail ó shin. Díreoidh Féile na Leanaí de chuid The Ark – an t-aon ionad cultúrtha atá tiomanta do leanaí in Éirinn – a bheidh ar siúl an samhradh seo chugainn, ar aird a tharraingt ar ghuth an linbh. Táthar fós sna céimeanna pleanála ach tá an lucht eagraithe ag dul i gcomhairle le leanaí le linn an phróisis cinnteoireachta fiú, chun ainm a fháil don fhéile féin! Beidh an fhéile ar siúl ag an am céanna le Cruinniú na nÓg 2019 agus déanfar an ealaín, cultúr agus cearta na leanaí a chomóradh le paráidí, seónna, ceardlanna agus tuilleadh.

Is tionscnamh de chuid Civic Theatre i dTamhlacht, é Tenderfoot ina n-iarrtar ar dhaoine óga foghlaim faoin amharclannaíocht trína dtaithí féin á chumadh, le breis is deich mbliana anuas. Beidh an eagraíocht in ann cur leis an gclár atá acu faoi láthair agus é dírithe ar scoláirí san idirbhliain tríd an CNI agus cuirfidh siad fóram ar siúl ar sholáthar gairmiúil amharclannaíochta do dhaoine óga fásta.

Beidh Youth Theatre Ireland, an eagraíocht a thacaíonn le téatair na n-óg ón mbliain 1980, ag cur leis an National Youth Theatre (NYT) atá ann faoi láthair. Is clár amharclannaíochta é seo do dhaoine óga ina measctar taithí phroifisiúnta le deis i gcomhair fáis phearsanta agus shóisialta agus é mar chuspóir ag NYT guthanna daoine óga an lae inniu a shoiléiriú agus a ionadú trína cheardlanna agus a dheiseanna léirithe.

Is é is cuspóir an tionscnaimh chuimsithigh Le Chéile de chuid Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM), atá mar chuid de Chiste Náisiúnta Ildánachta Éire Ildánach chomh maith, ensembles ceoil a fhorbairt do cheoltóirí óga atá faoi mhíchumas i ngach cúige. Beidh bunú Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann, an chéad cheolfhoireann náisiúnta óige san AE do cheoltóirí faoi mhíchumas, mar bhuaicphointe an tionscnaimh ansin.

Agus ocht mbrainse láidre bunaithe acu i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i gCill Mhantáin, cumhachtaíonn Fighting Words daoine le scileanna cruthaitheacha ionas go mbeidh siad níos bisiúla agus rathúla agus iad ag treorú a saol féin. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht cheannródaíoch, a bhunaigh an t-údar Roddy Doyle, leanaí agus daoine óga a chumhachtú, mar aon le daoine fásta nach raibh deiseanna acu nuair a bhí siad óg, agus a chur ar a gcumas cumhacht agus acmhainneacht a samhlaíochta a aithint.

Éascaíonn The Glucksman ag Coláiste na hOllscoile (UCC), Corcaigh The Classroom Museum – togra ina gcuirtear deiseanna ar fáil do leanaí ó cheantair thuaithe a bheith páirteach i gclár foghlama cruthaithí samhlaíoch atá bunaithe ar bhailiúchán ealaíne comhaimseartha UCC. A bhuíochas d’iasachtaí gearrthéarma saothar ealaíne, beidh múinteoirí agus scoláirí in ann idirghníomhú leis an ealaín ina dtimpeallacht féin, ag tógáil ar scileanna luachmhara agus ar an muinín atá acu iad féin a chur in iúl i láithreacha oideachasúla agus poiblí.

Bunaíodh clár ‘DESIGN Skills’ de chuid Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireannchun cumas deartha a fhorbairt in iarbhunscoileanna. Cruthófar nasc, leis an gclár dinimiciúil seo, idir dearthóirí agus déantóirí gairmiúla agus múinteoirí chun miontogra sé uair an chloig a fhorbairt a dhéanfaidh iniúchadh ar an bhfíorphróiseas dearaidh. Dírítear ar chéimeanna tosaigh an phróisis, cuireann an clár béim ar idéú, réiteach fadhbanna, smaointeoireacht dhifriúil, dul i riosca agus tástáil.

Níl anseo ach cuid den iliomad tionscnamh atá ar siúl faoi Chlár Éire Ildánach agus is féidir plean Óige Ildánaí mionsonraithe a léamh anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×