Skip to main content
Hands


Nuacht

30 tionscnamh nua fógartha faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta

Leis an gCiste Náisiúnta Ildánachta, déanfar tionscnaimh atá fíorcheannródaíoch, tograí taighde, cláir phobail agus tuilleadh a chur ar bun agus tabharfar tacaíocht dóibh.

Tá mionsonraí faoin 30 tionscnamh agus togra, ar thionscnamh den Chlár Éire Ildánach iad, a bhainfidh tairbhe as an gCiste Náisiúnta Ildánachta, fógartha anois ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD.

Leis an gCiste Náisiúnta Ildánachta, cuirfear ar chumas an Chláir Éire Ildánach tionscnaimh atá fíorcheannródaíoch agus nuálach, tograí taighde agus cláir phobail a chur ar bun, a chumasú agus tacú leo, tionscnaimh a bhfuil ildánacht agus folláine mar ghné lárnach iontu.

Trí bhíthin sraith comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí cultúir, le hinstitiúidí oideachais agus acadúla agus le speisialtóirí cúraim sláinte, is tograí uaillmhianacha, úrnua agus uilechuimsitheacha iad na tograí a roghnaíodh.

Áirítear ar chuid de na tograí a gheobhaidh tacaíocht ón gCiste Náisiúnta Ildánachta:

Ceol

Le Chéile: togra chun ensembles ceoil a fhorbairt do cheoltóirí óga atá faoi mhíchumas, a mbeidh mar bhuaicphointe aige bunú Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann, an chéad cheolfhoireann náisiúnta óige san AE do cheoltóirí faoi mhíchumas. (Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann/Ollscoil Uladh/Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain)

Scileanna dearaidh i ndaoine óga a chothú 

Tá mar aidhm leis an gclár ‘DESIGN Skills’ inniúlacht smaointeoireachta dearaidh a fhorbairt le scoláirí in iar-bhunscoileanna. Cruthófar nasc, leis an gclár, idir dearthóirí agus déantóirí gairmiúla agus múinteoirí chun miontogra sé uair an chloig a fhorbairt a dhéanfaidh iniúchadh ar an bpróiseas dearaidh, agus béim á leagan ar idéú, réiteach fadhbanna, smaointeoireacht dhifriúil, dul i riosca agus tástáil. (Comhairle Dearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann/An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí – Foireann Ealaíne)

Ildánacht i suíomhanna cúraim

Clár de shé chónaitheacht ealaíontóirí i suíomhanna cúraim ar fud na tíre a fhorbairt. Tá mar aidhm leo na healaíona agus an ildánacht a bheith mar chuid lárnach de shuíomhanna do dhaoine breacaosta atá faoi chúram ar feadh an tsaoil iontu, go háirithe iad siúd a chónaíonn lasmuigh de cheantair uirbeacha agus in áiteanna nach bhfuil teacht éasca orthu, le go bhféadfaidh siad a lánchumas ildánach a bhaint amach. (Age & Opportunity)

Tionscnamh píolótach a thacaíonn le sraith cónaitheachtaí ealaíontóirí ag Clinic Ushers Island atá ag obair le hothair sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar faoi láthair agus atá ar saoire lae ó láthair an ospidéil. (John Conway, An tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí/Waterford Healing Arts Trust, NCAD)

Scoileanna Idirchultúrtha

Togra taighde agus forbartha chun samhail do Chlár Scoileanna Idirchultúrtha, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, a dhearadh agus a phíolótú. (Leabharlann Chester Beatty/Coláiste Oiliúna Mhuire Gan Smál, Luimneach)

Pobail a nascadh

Re-Imagine: clár atá deartha chun naisc níos fearr a chruthú idir pobail agus a gcomharsanachtaí agus timpeallachtaí áitiúla, trí bhíthin straitéisí dearaidh ildánacha agus comhoibríocha a úsáid, lena lonnaítear daoine i gcroílár a gceantar. (Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann/Comhairle Contae Átha Cliath Theas/Comhairle Contae Chiarraí/Kiltimagh Town Improvements Company agus Imagine Dundrum)

Spásanna Turgnamhacha i nGaeilge   

Modhanna nuálacha a fhorbairt le saothar drámaíochta a chruthú le healaíontóirí a bhfuil an Ghaeilge mar an chéad teanga acu, trí spás turgnamhach a chur ar fáil dóibh. (Ealaíon na Gaeltachta Teo/Comhairle Contae Dhún na nGall/Comhairle Contae na Gaillimhe/ Oifig na nEalaíon/Ollscoil na hÉireann, Gaillimh/Taibhdhearc na Gaillimhe)

Tá mionsonraí iomlána faoin 30 tionscnamh a bhfuil tacaíocht á fáil acu mar chuid den Chiste Náisiúnta Ildánachta ar fáil anseo

Stay up to date

×