Skip to main content
Mayo


Nuacht

Roghnaíodh 150 scoil do phíolóta na Scoileanna Cruthaitheacha i mí Mheán Fómhair

Beidh na mílte páistí agus daoine óga ag baint taitneamh as breis fáil ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha i scoileanna go luath tríd an tionscnamh seo de chuid an Chláir Éire Ildánach atá á threorú ag an gComhairle Ealaíon.

Roghnaíodh 150 scoil ar fud na tíre, a léiríonn an ilchineálacht i suíomhanna oideachais sa tír, le páirt a ghlacadh i gclár píolótach na Scoileanna Ildánacha, a thosóidh i Meán Fómhair seo ag teacht.

Is tionscnamh lárnach é an clár seo de chuid Colún 1 den Chlár Éire Ildánach, a sheol an tAire Bruton agus an tAire Madigan níos luaithe i mbliana, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saolta na bpáistí agus na ndaoine óga.

Tar éis líon dochreidte de bhreis is 400 iarratas, áiríonn an 150 scoil a roghnaíodh bunscoileanna, meánscoileanna, scoileanna speisialta, scoileanna DEIS agus scoileanna comhoideachais; chomh maith le hionaid Ógtheagmhála, scoileanna tuaithe, scoileanna uirbeacha, scoileanna aonghnéis agus scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Léiríonn an freagra bríomhar ar an lorg iarratais cé chomh tábhachtach is atá an chruthaitheacht agus na healaíona sa chóras scoile atá againn cheana féin. Agus an clár píolótach ag tosú i Meán Fómhair 2018 agus á reáchtáil go dtí deireadh na bliana scoile 2019, is féidir tógáil ar an mhian chun na cruthaitheachta agus chun na n-ealaíon san oideachas cuid ar chuid amach anseo.

Is cuid thábhachtach é an tionscnamh píolótach seo den Phlean Óige Ildánach, tionscnamh de chuid an Chláir Éire Ildánach, á threorú ag an gComhairle Ealaíon agus i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Scoileanna Ildánacha & Comhlaigh Chruthaitheacha

Nuair a bhí iarratas á dhéanamh, iarradh ar scoileanna a mhíniú conas a thacódh a rannpháirtíocht le foghlaim agus le forbairt na n-ealaíon agus na cruthaitheachta; lena gcumas cur chuige mar scoil; agus lena bpleananna le cinntiú go mbíonn ról gníomhach ag páistí agus ag daoine óga i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm agus i meas ar a gcuid oibre mar Scoil Ildánach.

Tríd an gclár píolótach seo, tá an Chomhairle Ealaíon ag dul i ngleic le páistí agus le daoine óga ar fud na tíre – ag cur lena gcruthaitheacht agus á gceangail leis na healaíon agus le hinfreastruchtúr cruthaitheach, go háitiúil agus go náisiúnta.

Cuirfear pacáiste tacaíochta ar fáil do scoileanna a roghnaíodh don chlár píolótach a chuimsíonn maoiniú agus saineolas ó Chomhlach Cruthaitheach le cur ar a gcumas tionchar féideartha na n-ealaíon agus na cruthaitheachta ar shaol na scoile a chíoradh. Is ealaíontóir agus/nó oideoir é/í Comhlach Cruthaitheach ag a bhfuil tuiscint cheart ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus ar an gcumas atá acu saolta daoine óga a athrú. Mar ghníomhaí fuinniúil chun na hathraithe, tá cumas ar leith ag Comhlach Cruthaitheach gach scoil comhpháirtíochtaí a chruthú idir scoileanna agus pobal na n-ealaíon agus an pobal cultúrtha.

Le tacaíocht óna gComhlach Cruthaitheach, forbróidh scoileanna plean do Scoil Ildánach agus dearfaidh siad clár leithleach a fhreagraíonn do riachtanais agus do thosaíochtaí a scoile. Tacóidh an próiseas seo le páistí agus le daoine óga dúshláin a chuir orthu féin i slite nua, cur lena muinín agus ról níos gníomhaí a ghlacadh san fhoghlaim. Gríosóidh, spreagfaidh agus tiomáinfidh na daoine sain-roghnaithe seo na scoileanna.

Léigh an liosta iomlán de na scoileanna a roghnaíodh go rathúil don chlár píolótach, anseo.

Seiceáil anseo arís chun an t-eolas is déanaí ar ghníomhaíochtaí agus ar éachtaí na scoileanna roghnaithe a fháil de réir mar a théann an scoilbhliain ar aghaidh.

Má rinne do scoil iarratas agus nár éirigh léi, beidh go leor slite eile ina mbeidh an Clár Éire Ildánach ag tacú le cruthaitheacht do leanaí agus do dhaoine óga.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×