Skip to main content

Treoirlínte Measúnaithe
Óige Ildánach

Ullmhaíodh an t-eolas thíos chun dul le Treoirlínte Measúnaithe Óige Ildánach, atá ar fáil anseo. Is féidir leo siúd a oibríonn le leanaí agus daoine óga ar rannpháirtíocht ealaíon, chruthaitheach agus chultúrtha na treoirlínte a leanúint agus tá sé mar aidhm acu tacú leis an bpróiseas chun tionscadail agus cláir chultúrtha agus chruthaitheacha a mheas. Cé gur dearadh Treoirlínte Measúnaithe Óige Ildánach le haghaidh úsáid phraiticiúil, tá tuilleadh eolais agus acmhainní ar fáil thíos.

Ina theannta sin, iarrfar orthu siúd a sholáthraíonn tionscadail agus cláir Óige Ildánach foirm mheasúnaithe réamhthionscadail agus foirm mheasúnaithe iarthionscadail a chomhlánú. Cruthaíodh na foirmeacha measúnaithe chun sonraí mar shuíomh, cineál na gníomhaíochta cruthaithí agus faisnéis shochdhéimeagrafach a fháil do Phlean Óige Ildánach. Mar sin féin, tá an tsaoirse ag eagraíochtaí, daoine aonair, múinteoirí, ealaíontóirí agus oibrithe óige cinneadh a dhéanamh cathain is cuí nó nach cuí bailiú sonraí áirithe laistigh dá suíomh sainiúil. Tá liosta na gceisteanna ar gach foirm ar líne ar fáil anseo:

Le cuidiú leis na foirmeacha seo a chur i gcrích, seo thíos roinnt acmhainní físe ina mínítear na ceisteanna:

Stay up to date

×