Skip to main content
Age and Opportunity - National Creativity Fund

Pobail Ildánacha

Is bunchloch de chuid Chlár Éire Ildánach é leas a bhaint as an acmhainneacht chruthaitheach atá ag muintir agus ag pobail in Éirinn. Tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta bunaithe ag Clár Éire Ildánach i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil ar mhaithe le saineolas áitiúil mar a bhaineann leis na healaíona, an oidhreacht, cúrsaí leabharlainne agus fiontraíochta, chomh maith le rannpháirtíocht an phobail, a thabhairt le chéile chun comhoibriú a chothú agus tionscnaimh nua a spreagadh. Tá Comhordaitheoir áitiúil le haghaidh Éire Ildánach ceaptha freisin do gach údarás áitiúil. Aimsigh do chomhordaitheoir áitiúil anseo.

Le cabhair ó ealaíontóirí áitiúla, ó eagraíochtaí cruthaitheacha, cultúir agus oidhreachta agus ó ghrúpaí pobail ar fud na tíre, chruthaigh gach údarás áitiúil Straitéis nua Chultúir agus Chruthaitheachta 2023-2027. Tá siad seo deartha ionas go bhféadfaí daoine a bheith ag obair le chéile chun a bpobail, a saol agus a dtimpeallacht a athrú ó bhonn tríd an gcruthaitheacht.

Stay up to date

×