Tá cúig thionscadal páirteach i dTionscadal an Éiceabháid Taispeána agus oibreoidh na rannpháirtithe i gcomhar leis na pobail chruthaitheacha agus eolaíochta agus leis na pobail níos leithne lena mbuailfidh siad ar an mbealach, chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar an áilleacht, na féidearthachtaí agus na fadhbanna a bhaineann leis an bhfíoruisce. I ndeireadh na dála, tá sé mar aidhm acu gníomhaíocht fhorleathan a spreagadh mar fhreagairt ar na dúshláin atá romhainn ó thaobh na géarchéime aeráide.
Chelsea Canavan & Deirdre Power’s project
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais thíos faoin gcúig thionscadal atá ag comhoibriú ar an Éiceabhád Taispeána:
Marie Hanlon | Baile Átha Cliath
Tá áit lárnach ag caighdeán an uisce i dtionscadal Marie, ‘An bealach a gcaithimid le hUisce’, a dhíreoidh ar uisce i dtréimhse seo an athraithe aeráide – an timthriall uisce, tuilte, triomach, cóireáil uisce, athchúrsáil uisce, díshalannú etc. Tacaíonn an tionscadal leis an smaoineamh go bhfuil teorainn leis an méid uisce atá ar fáil agus é faoi bhagairt anois ón athrú aeráide, an méadú atá tagtha ar an daonra agus an t-éileamh ar uisce atá ag dul i méid i gcónaí de bharr slí mhaireachtála nua-aimseartha.
Marta Golubowsk | Cill Dara
Ealaíontóir atá ina cónaí ar an gCanáil Mhór í Marta agus tá sí mar chuid de phobal a bhfuil a saol ag brath ar uiscí na gcanálacha. ‘Speicis Ionracha’ an teideal atá ar a tionscadal agus baineann sé le luifearnach uisce ar a dtugtar Ceratophyllum demersum a chasann é féin timpeall ar sheaftaí na lián le go mbíonn an loingseoireacht deacair, nó fiú dodhéanta.
Paul Berg | An Clár
Ceithre bliana ó shin thosaigh Pól ag obair ar ‘An Chrannóg Cheoil’, rafta ceithre mhéadar ar trastomhas atá feistithe ar phontún nach bhfuil in úsáid. Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná oibriú ar dhíláithriú aeir trí bhrú ón uisce (sa chás seo ag baint úsáide as an tuile agus an trá i Loch Deirgeirt, áit a bhfuil an rafta suite) chun píb dála armóin bambú agus adhmaid atá as feidhm, a sheinm. Mar chuid den chomhoibriú leis an Éiceabhád, tá rún ag Pól raon de phíobaí a thógáil a mbeadh fuaim íseal astu agus a d’fhéadfadh snámh gan chosc, agus a bheifí in ann a sheinm ar an oileán agus ar bhalla na cé, áit a mbeidh an rafta feistithe.