Beidh sé mar aidhm ag an mBealach Bohemian, le tacaíocht ó na pobail áitiúla, ealaíontóirí, filí, staraithe, físghrafadóirí agus ceoltóirí, daoine a spreagadh le bheith páirteach sa chath in aghaidh an athraithe aeráide. Agus iad ag obair le chéile cruthóidh siad bealach siúil stairiúil ó Lóiste ag Gheata ar an gCuarbhóthar Thuaidh i bPáirc an Fhionnuisce, an áit ar bunaíodh an club in 1890, go dtí Páirc Chnocán Uí Dhálaigh. Díreofar ar roinnt spraoi a bhaint as an imeacht agus rud nó dhó a fhoghlaim ar an mbealach.
Beidh an chéad leath den chic tosaigh ar siúl i Páirc Chnocán Uí Dhálaigh – áit a bpléifidh staraithe, filí agus eolaithe stair an chlub, ár bpobal, agus ár dtodhchaí choiteann.
Beidh an dara leath ar siúl i dTeach Tábhairne Cobblestone, áit a dtiocfaidh ceoltóirí, ealaíontóirí agus scéalaithe le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh agus iad ag tabhairt faoin mBealach Bohemian.
Tá fáilte roimh chách!