Inniu d’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán siompóisiam náisiúnta faoin gcruthaitheacht, sláinte agus folláine. Óstálfaidh clár uile-rialtais Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon an cruinniú seo.
Sa siompóisiam:
- Déanfar machnamh ar an bhfianaise maidir leis na buntáistí sláinte a bhaineann leis na healaíona cruthaitheacha
- Déanfar plé ar ghníomhaíochtaí ealaíon agus sláinte in ospidéil ar féidir leo cabhrú le torthaí sláinte níos fearr a sheachadadh d’othair agus dá gcúramóirí
- Déanfar iniúchadh ar ról oibríochtúil earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta maidir le cúram sláinte agus folláine a sheachadadh sa phobal.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Aithnítear na buntáistí a thugann na healaíona, an cultúr agus an rannpháirtíocht chruthaitheach d’fholláine mheabhrach daoine ar bhealach níos forleithne i dtaighde an lae inniu. Go deimhin, fuarthas tuiscint shoiléir air seo le linn Covid-19 agus muid ag maireachtáil trí thréimhsí leithlisithe shóisialta. Táim tiomanta, mar sin, do chomhoibriú le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun tionscnaimh spriocdhírithe, bunaithe ar fhianaise a thabhairt chun cinn a sheachadann buntáistí sláinte agus folláine trí na healaíona, cultúr agus cruthaitheacht ar bhealach inbhuanaithe.”