Skip to main content


Nuacht

Tacaíonn Éire Ildánach Loch Garman le tionscadal cuimsithe cultúrtha do Fhleadh Cheoil na hÉireann

Scroll
min read

Tacaíonn Éire Ildánach Loch Garman le tionscadal cuimsithe cultúrtha do Fhleadh Cheoil na hÉireann

min read

22/07/24

Tacaíonn Éire Ildánach Loch Garman le tionscadal cuimsithe cultúrtha do Fhleadh Cheoil na hÉireann

Tá clár Éire Ildánach i gComhairle Chontae Loch Garman ag tacú le comhpháirtíocht chruthaitheach idir áitritheoirí ionaid soláthair dhírigh i ndeisceart Chontae Loch Garman agus clár Oideachais agus For-Rochtana Theach Náisiúnta na Ceoldrámaíochta.

Is cumadóireacht nua ceoil agus rince é Who Am I Now ina ndírítear ar mhalartú eolais chultúrtha, agus ina leagtar béim ar léiriú nua agus níos cuimsithí ar fhéiniúlacht na hÉireann sa lá atá inniu ann.

 

Trí shraith cleachtaí agus ceardlann ina díreofar ar dhamhsa, drámaíocht agus ceol, ceapfaidh agus forbróidh áitritheoirí na nIonad Soláthair Dhírigh taibhiú a léirmhíníonn a dteacht go hÉirinn, a dtaithí ar chosaint idirnáisiúnta a lorg, agus a ndóchas le haghaidh pobail agus muintiris amach anseo.

 

In éineacht le scór ceoil a chum agus a léirfidh banna ceoil traidisiúnta na hÉireann Tulua, déanfaidh ár bpobail nua an léiriú mar chuid de Fhleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa 2024.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae Loch Garman, an Comhairleoir Pip Breen: Is deis iontach é tionscadal ‘Who Am I Now’ chun cumarsáid agus tuiscint idir pobail agus daoine aonair a fheabhsú. Cuireann cur in iúl cultúrtha ar ár gcumas insint dá chéile cé muid féin agus leagann sé síos féidearthachtaí amach anseo. Ní hamháin go gcabhraíonn an tionscadal seo lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú, ach cuireann sé béim freisin ar an luach a thabharfaidh éagsúlacht chultúrtha d’fhéiniúlacht na hÉireann anois agus amach anseo’.

 

Léireofar ‘Who Am I Now’ i dTeach Náisiúnta na Ceoldrámaíochta Dé Céadaoin, an 7 Lúnasa ag 7:30 i.n. Cosnaíonn ticéid €10 nó deonú €5 agus is féidir iad a cheannach ó Oifig Ticéad Ionad Ealaíon Loch Garman (Y35 X5HF), ar an teileafón 053 912 3764 nó ar líne ó Ticketsolve na Fleidhe.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin tionscadal téigh chuig www.creativeireland.gov.ie

Stay up to date

×