Skip to main content
PHOTO: Mark Stedman


Nuacht

Tá iarratais foscailte do chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le Cruinniú na nÓg a sheachadadh

Scroll
1 min read

Tá iarratais foscailte do chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le Cruinniú na nÓg a sheachadadh

1 min read

12/09/24

Tá iarratais foscailte do chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le Cruinniú na nÓg a sheachadadh

Ba mhaith le Clár Éire Íldánach dul i dteagmháil le Comhpháirtithe Straitéiseacha chun méadú a chur ar an rogha ócáidí agus tionscnaimh atá ar fáil, in éineacht leo siúd atá á gcur ar fáil ag achan údarás áitiúil, chun forbairt, éagsúlú agus leathnú ar leith a dhéanamh ar thairiscint agus lucht féachana do Chruinniú na nÓg in 2025, 2026 agus 2027.

Is é Cruinniú na nÓg an lá náisiúnta do chruthaitheacht shaor do pháistí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois.  Is í Éire an chéad tír, agus an t-aon tír, sa domhain a bhfuil lá dá leithéid aici.

Le 7 mbliana anuas, tá Cruinniú na nÓg ina dháta ríthábhachtach i bhféilire cultúrtha na hÉireann, ag tabhairt deiseanna do níos mó na 1.5 milliún páiste agus duine óga ar fud oiléan na hÉireann, le bheith caidéiseach agus fiosrach, cruthaitheach agus nuálach, agus chun mian chruthaitheach a chomhlíonadh nó bua cruthaitheach inmhéanach a chur os comhair an phobail.

Táimid ag cuartú tionscadail atá de scála agus d’uaillmhian suntasach.  Táimid ag samhlú deontas d’uasmhéid €150,000 in aghaidh an Chomhphairtí Straitéisigh achan bhliain (uasmhéid €450,000 do na 3 bliana).

Mar sin, tá Clár Éire Ildánach ag tabhairt cuireadh d’eagraíochtaí, nó comhpháirtíocht eagraíochtaí, iarratais a sheol isteach, a bhfuil ábaltacht shoiléir acu chun hinscálaitheacht lucht féachana Chruinniú na nÓg a sheachadh ar fud na tíre trí sholáthar gníomhaíochtaí cruthaitheacha do pháistí agus daoine óga atá saor in aisce.

Acmhainní

  • Doiciméad eolais as Gaeilge
  • Doiciméad eolais as Béarla
  • CCanna

Caithfidh iarratais a bheith líonta amach ar líne agus curtha isteach trí Submit.com faoi 5in ar an 6ú Samhain, 2024.  Cur d’iarratas isteach anseo: https://submit.link/2S3

Deiseanna chun Breis Eolais a Fháil agus Líonrú a Dhéanamh

Beidh Clár Éire Ildánach ag reáchtáil dhá sheisiún eolais agus líonraithe.  Sna séisiúin seo beidh taispéantas Chruinniú na nÓg, CCanna, agus deis d’iarrthóirí bualadh le comhpháirtithe ionchasacha ó fud fad an Oileáin, sa chaoi go mbeidh siad abálta obair i gcomhar le chéile ar a dtionscadail.  Reáchtálfaidh muid seisiún ar líne agus seisiún i láthair go pearsanta i mBéal Feirste.

Leann, le do thoil, an nasc thíosluaite chun d’áit a haimsiú ar na seisiúin seo:

  • Seisiún Eolais Ar Líne, 4ú Deireadh Fómhair 2024 – Cláraigh Anseo
  • Seisiún Eolais i Láthair go Pearsanta i mBéal Feirste (Suíomh le dearbhú) 15ú Deireadh Fómhair – Cláraigh Anseo

Stay up to date

×