Skip to main content


Nuacht

Tá Éire Ildánach agus Raidió Rí-Rá ag lorg Ghlór Ár Linne.

Scroll
2 min read

Tá Éire Ildánach agus Raidió Rí-Rá ag lorg Ghlór Ár Linne.

2 min read

13/03/25

Tá Éire Ildánach agus Raidió Rí-Rá ag lorg Ghlór Ár Linne.

Tá scleondar ar Éire Ildánach agus Raidió Rí-Rá tionscadal agus cuardach tallainne nua spreagúil a sheoladh, ag lorg Ghlór Ár Linne.

Seoladh an scéim tacaíochta do cheoltóirí nua, Glór Ár Linne, ag deireadh mhí Feabhra, ar mhaithe le ceoltóirí óga atá ag cruthú as Gaeilge a aimsiú, chun deis a thabhairt doibh sé mhí de mheantóireacht agus oiliúint threoraithe stáitse agus stiúideo a dhéanamh mar ullmhúchán do shamhradh den tseinm ar stáitsí náisiúnta agus idirnáisiúnta in 2025. Roghnófar cúig bhanna agus/nó ceoltóir chun 3 mhí meantóireachta a dhéanamh, agus tabharfar deis dóibh chun seinm ag Féile na Gealaí agus an Phicnic Leictreach, gigeanna rialta a dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus páirt a ghlacadh i gceardlanna le gairmithe tionscail faoin chumadh amhrán, caidreamh poiblí, dea-iompraíocht stáitse, agus go leor eile.

Tá beartaithe le Glór Ár Linne cur leis an fhuinneamh atá faighte ag ceol agus cultúr na Gaeilge le roinnt blianta anuas, a bhuí le leithéidí Kneecap, Craobh 1916 agus RÓIS. Seoladh an clár le taibhithe i ngnólachtaí i mBaile Átha Cliath atá dátheangach agus atá cláraithe le scéim Baile Átha Cliath le Gaeilge—le James Shannon ag casadh rapcheol Gaeilge i mBúistéirí Teaghlaigh Troy ar Shráid an Mhúraigh agus Aisling Moran ag canadh sa teach gloine i nGarraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon.

Tá an scéim oscailte i gcomhar iarratas anois go dtí Márta 17th, déan iarratas anseo: https://www.rrr.ie/glor/

Tá an scéim seo á maoiniú ag Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus arna stiúir ag Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó Music Generation.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×