Skip to main content


Nuacht

Tá Dance Limerick ag Cruthú Atmaisféar don Athrú

Scroll
min read

Tá Dance Limerick ag Cruthú Atmaisféar don Athrú

min read

15/07/24

Tá Dance Limerick ag Cruthú Atmaisféar don Athrú

Is tionscadal é Creating a Climate for Change in Limerick a cheap Katy Hewison ó Dance Limerick chun athrú iompraíochta, aistrithe inbhuanitheachta córa, agus litearthacht aeráide a chur chun cinn trí mheáin chruthaitheacha inrochtana i bhfoirm scéalta fuaime, físiúla agus gluaiseachta.

Tá Katy ag obair le foireann atá comhdhéanta de thaighdeoirí Ciara Moynihan agus Gülfem Cevheribucak, ealaíontóir damhsa Roberta Ceginskaite, cóireagrafaí agus ealaíontóir ildisciplíneach Vanessa Grasse, agus ealaíontóir físiúil Mike O’Brien, le tacaíocht chomheagair agus cumarsáide ó Emer Casey.

Tá an grúpa ag obair i gcomhar le pobail áitiúla Luimnigh, i Maigh Rois, i gCromadh agus i lár na cathrach chun bacainní ar rochtain ar litríocht athrú aeráide a shárú tríd an litríocht sin a chur i bhformáidí éisteachta, amhairc agus gluaiseachta. Mar pháirt den taighde, tá ceardlanna ag tarlú sna pobail i rith na bliana.

Seo comhrá le Katy agus Emer ina ndéanann siad achoimre ar an tionscadal go dtí seo.

Emer: Conas a tháinig an tionscadal chun cinn?

Katy: Tháinig an tionscadal ón taithí a bhí agam agus mé ag éisteacht le taispeántais faoin aeráid, nuair a mhothaigh mé go raibh mé i bhfad ar shiúl uaithi agus nach raibh mé ábalta tuiscint a fháil uirthi i bhformáid taispeántais sciobtha nuair a bhí orm suí síos go socair agus éisteacht. Mothaím go bhfuil orm foghlaim ar bhealach difriúil agus nach raibh mé ábalta rochtain a fháil ar an eolas dá bharr.

Ina dhiaidh sin, bhí mé ag smaointiú faoi na pobail a n-oibrím leo agus na daoine eile a bhféadfadh a bheith ag mothú an dóigh chéanna liomsa, agus b’fhéidir go mbeadh muid ábalta Damhsa agus Cruthaitheacht a úsáid chun bealaí nua a aimsiú chun foghlaim faoin aeráid agus rochtain a fháil ar eolas atá laistigh de théacs scríofa nó páipéarachas. Domsa, ní rud é sin ar féidir liom suigh síos agus a thuiscint agus foghlaim faoi mura bhfuil duine eile ann chun é a mhíniú dom.

Ina dhiaidh sin, conas a forbraíodh an tionscadal?

Thóg sé tamall orm an smaoineamh a fhorbairt agus chun smaoineamh gurb é an príomhrud ná breathnú air go simplí, ‘simplí agus casta’, sílim gurb é sin an t-idirnasc atá ann i gcónaí. Conas ar féidir linn smaoineamh faoi shimpliú agus miniú a dhéanamh ar shaothar acadúil chun é a thuiscint ar bhealaí nua cruthaitheacha, ionas gur féidir linn mothú agus foghlaim. Tharla sé trí fhoireann a cheapadh; foireann ealaíontóirí agus foireann taighdeoirí araon. Bhreathnaigh muid ar conas ar féidir linn próiseas cruthaitheach a aimsiú chomh maith le modh chun litearthacht aeráide a athrú ó bhonn, trí bhealaí difriúla chun cur síos, éisteacht agus gluaiseacht a dhéanamh i bpróiseas cruthaitheach leis an damhsa agus na hamharc-ealaíona.

An féidir leat labhairt faoi na healaíontóirí ar an fhoireann, agus cad a bhíonn ar siúl acu sna ceardlanna agus sna seisiúin phobail.

Tá mé ag obair go dlúth le Ciara Moynihan, a bhfuil scileanna aici sa taighde athghiniúnach, forbairt eagraíochtúil agus inbhuanaitheacht. Tá Ciara thar cionn agus í ag dul i gcomhar leis na rannpháirtithe, agus tá sí ábalta dearcadh ginearálta agus dearcadh an-mhion a ghlacadh ar an tionscadal. Tá sí ábalta amharc ar thionchar an tionscadail toisc go bhfuil an-taithí aici maidir le measúnú a dhéanamh ar obair agus smaoineamh faoi conas ar féidir linn cleachtais inbhuanaithe a ghlacadh.

Táimid ag obair freisin le healaíontóir físiúil, Mike O’Brien. Tá Mike ag léiriú an ghluaiseacht agus an damhsa sna ceardlanna go físiúil ar bhealach atá an-spontáineach. Tá an taibheoir rince Roberta Ceginskaite, an taighdeoir Gülfem Cevheribucak, agus an taibheoir rince/ildisciplíneach Vanessa Grasse ar an fhoireann chruthaitheach freisin.

Tá muid ag buaileadh le daoine agus pobail eile i rith an tionscadail, cosúil le grúpaí ó Mhaigh Rois, Cromadh agus lár na cathrach, agus is bealach iontach é chun comhoibriú a dhéanamh ar an taighde atá ar siúl againn. Ag deireadh na bliana tabharfaidh muid cuireadh do na pobail seo cuid de na torthaí ón tionscadal seo a fheiceáil i nDánlann Ealaíne Chathair Luimnigh, agus in Dance Limerick, mar bhuaic an tionscadail bhliana seo.

 

Luaigh tú na pobail lena bhfuil tú ag obair, Maigh Rois, Cromadh agus Dance Limerick agus an chathair. An féidir leat labhairt faoi conas ar tháinig na grúpaí sin le chéile?

Seo grúpaí pobail lena raibh comhar déanta againn ag Dance Limerick roimhe seo, agus bhí muid ag iarraidh feidhm a bhaint as na caidrimh sin don tionscadal seo. Tá muid ag obair le grúpa daoine níos sine ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chromadh ar thráthnónta Dé Máirt.  Tá muid ag dul i gcomhar le rannpháirtithe taobh istigh, agus freisin taobh amuigh sa pháirc áitiúil cúpla nóiméad ar shiúl.

Chomh maith leis sin, tá muid ag ceangal le pobal Mhaigh Rois ag Mol Pobail Mhaigh Rois maidineacha Déardaoin. Tá muid ag nascadh le Comhpháirtíochtí Spóirt Luimnigh agus Mhaigh Rois, agus bhain mé an-sult as aithne níos fearr a chur ar an ghrúpa seo, agus as é a fheiceáil agus é ag fás ó ghrúpa beag go grúpa atá i bhfad níos mó a líonann an halla ar fad! Is grúpa daoine níos sine é freisin.

Ar deireadh, tá muid ag obair le pobal Dance Limerick agus leo siúd atá ina gcónaí i lár na cathrach agus sna ceantair máguaird. Reáchtáiltear na ceardlanna seo sa tráthnóna ionas gur féidir le daoine freastal orthu i ndiaidh na hoibre. Mar sin, is féidir le gach duine os cionn 18 mbliana d’aois páirt a ghlacadh ann, agus is grúpa iontach fíoréagsúil é.

Ba cheart a lua ag an phointe seo go bhfuil fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sna ceardlanna. Tá muid ag tacú le daoine le riachtanais bhreise agus míchumais chun tacaíocht rochtana a fháil (Áirítear leis seo teanga chomharthaíochta na hÉireann, tacaíocht duine le duine a shocrú, ábhair cheardlanna soléite a chruthú srl). Leis na ceardlanna seo tá muid ag iarraidh freastal ar thuras foghlama agus eispéiris na ndaoine iad féin, an áit ina bhfuil siad féin agus ina bhfuil a riachtanais, agus taighde a dhéanamh le chéile faoi conas ar féidir linn go léir foghlaim, tuiscint agus páirt a ghlacadh sa tionscadal chruthaitheach aeráide seo.

Tá muid ag obair le chéile chun bealaí nua a aimsiú chun smaoineamh ar an damhsa. Cosúil le gnéithe físiúla, cloiste, agus tadhlacha, chomh maith le faisnéis i fhoirm téacs nó ó bhéal. Tá muid i gcónaí ag smaoineamh faoi bhreathnú ar an mhórphictiúr agus trí dhearcthaí difriúla.

 

Cén freagra atá faighte agat ó na grúpaí?

Tá meangadh orm toisc gur dheacair coimheád air ar dtús! Bhí mé ag smaoineah, cén baint atá ag an damhsa sin le gníomhú aeráide? Agus cén baint atá ag an rochtain leis seo? Ach bhí se go hálainn turais aonair na rannpháirtithe a fheiceáil.

I gCromadh bhí sé go hiontach forbairt na fiosrachta a fheiceáil, chomh maith leis na ceisteanna a tháinig aníos maidir le conas a thagann an aeráid agus an damhsa le chéile, agus na rannpháirtithe ag teacht chun a dtuairimí féin ina leith sin, agus iad ag mothú an tionchair sin dóibh féin. Agus ar fud na ngrúpaí go léir, mothaím go bhfuil fonn neamhspleáchais laistigh de na ceardlanna, maidir leis an taighde, taiscéaladh gluaiseachta agus léiriú físiúil, a chuidíonn le daoine a spéis féin a chruthú, chomh maith leis an mhian chun rud éigin a dhéanamh faoin aeráid.

I Maigh Rois, bhí sé go hálainn an grúpa a fheiceáil ag dul i méid mar a dúirt muid, ó thimpeall 10 rannpháirtí go 25, chomh maith leis an tábhacht a bhí ann dóibh gluaiseacht a dhéanamh agus muinín a bheith acu ina ngluaiseacht féin. Do chuid acu, bhí eagla orthu go dtitfeadh siad nó nach mbeadh siad in ann rud éigin a dhéanamh. Ach nuair a chuaigh siad díreach i mbun gluaiseachta lena gcorp, gan a bheith imníoch faoi agus leis na buntáistí a bhí ann dóibh, bhí muintearas ann eatarthu agus iad i ngrúpa lena chéile. Taispeánann sé an tionchar a bhíonn ann nuair a théann tú i mbun foghlama i ngrúpa in áit i d’aonar.

Bhí sé an-fhiúntach dom go pearsanta gur tógadh an damhsa agus an ghluaiseacht ar ais ina saol leis an tionscadal seo, chomh maith leis an aoibhneas laistigh den nádúr, laistigh do do ghairdín nó fiú ar do shiúlóid go dtí an ionad pobail. Taispeánann sé an t-athrú atá ag teacht ar d’eispéireas taobh amuigh agus go bhfuil caidreamh nua á fhorbairt agat leis an dúlra. Téann sé sin i bhfeidhm ar chinntí beaga sa ghnáthshaol agus go háirithe lena samhlaíocht, sin an bealach ar féidir leat smaoineamh faoina bheith taobh amuigh, trína bheith ag bogadh taobh istigh! Is féidir le tionchar an-mhór a bheith aige sin ar an fholláine.

 

Mo cheist dheireanach ná, conas atá athrú tagtha ar an tionscadal ó smaoinigh tú air ar dtús, an bhfuil sé san áit inar cheap tú go mbeadh sé ag an phointe seo? An bhfuil cuma dhifriúil air?

Sílim go bhfuil sé ar an chonair chéanna, ach b’fhéidir conair in aice an bhunsmaoinimh, tá sé i dteach na gcomharsana béal dorais! Toisc go raibh sé go hiomlán i mo cheann roimhe seo, agus tá sé forbartha anois leis an fhoireann iomlán agus na rannpháirtithe go léir, agus tá siadsan mar pháirt den fhoireann freisin. Ar ndóigh ní féidir leis fanacht ar mo chonairse mar go mbaineann sé le gach duine, agus mar sin d’athraigh muid.

Bhí sé go hiontach riachtanais gach grúpa pobail sna háiteanna difriúla le daoine difriúla a fheiceáil, agus muidine ábalta iad sin a thabhairt faoi deara agus machnamh a dhéanamh orthu. Le bheith ábalta an próiseas cruthaitheach a fhorbairt agus é sin ar intinn againn.

Le pobal Dance Limerick, díríonn muid ar an phróiseas chruthaitheach, agus fuaim a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar ghluaiseacht. Tá muid ag amharc ar conas ar féidir le fonn domhain samhlaíochta a bheith orainn, agus úsáid á baint as an dúlra agus an ghluaiseacht, agus conas ar féidir linn é sin a léiriú trí fhís agus fuaim.

Le grúpa Chromadh, tá béim á cur againn ar eispéireas léiriúcháin taobh amuigh a chruthú le chéile. Tá sé sin cruthaithe againn taobh istigh agus taobh amuigh. Ag úsáid ár gcomhráití agus scéalaíocht maidir le cad a thugann spreagadh dóibh sa dúlra agus cad atá áitiúil dóibh, cad atá fiúntach dóibh.

I Maigh Rois, tá plé á dhéanamh againn ar an taobh amuigh, taobh istigh trí shamhlaíocht. Tá muid dírithe ar an nasc idir an chorp agus an dúlra, agus conas a mhothaíonn sin agus conas a fhorbraíonn sé an iontaoibh agus an mhuinín, chomh maith leis an mhuintearas agus an pobal.

Go raibh maith agat Katy!

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Creating a Climate for Change in Limerick, tabhair cuairt ar www.dancelimerick.ie.

Stay up to date

×