Skip to main content

Cruinniú na
nÓg

Cruinniú na nÓg

Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2022 - Níos mó ná 450 imeacht chruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga ar fud na tíre.

D’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí Chruinniú na nÓg 2022, lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha do dhaoine óga. Comhfhiontar idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2022 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.

Agus Cruinniú na nÓg 2022 á fhógairt aici ag Teach agus Gáirdíní Chill Ruaidhrí dúirt an tAire Martin: 

“Ó 2018 i leith, tá Cruinniú na nÓg ina phríomh-imeacht i bhféilire cultúrtha na hÉireann. Chuir sé deiseanna iontacha ar fáil do na 1.2 milliún páiste agus duine óg in Éirinn triail a bhaint as rud éigin nua cosúil le scileanna sorcais, beochan, ceol a sheinm ag ceolchoirmeacha beo, rince comhaimseartha a dhéanamh, saothar nua a léiriú trí amharclannaíocht óige agus go leor eile. Tá gach imeacht saor in aisce.

Tá lúcháir orainn i mbliana go mbeidh an chuid is mó de na himeachtaí beo ar an láthair. In éineacht leis na himeachtaí atá beartaithe ag ár gcomhpháirtithe straitéiseacha – Damhsa Éireann, Garageland, Ealaíona Sráide na hÉireann, Líonra Sorcais agus Seó, Féile Scannán Leanaí an Aonaigh, Amharclann Óige na hÉireann agus Tithe Stairiúla na hÉireann – chláraigh údaráis áitiúla 450 imeacht in ionaid ar fud na tíre. Tá an-áthas orainn gur cuireadh deireadh leis na srianta a bhí i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain agus go mbeidh gach duine in ann teacht le chéile i mbliana chun a bheith cruthaitheach, iad féin a chur in iúl agus sult a bhaint as imeachtaí.”

Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2022

D’fhorbair Clár Éire Ildánach agus a chomhpháirtithe straitéiseacha roinnt tionscadail chruthaitheacha, agus beidh siad ar siúl Dé Sathairn, an 11 Meitheamh 2022.

Seo a leanas sonraí roinnt de na himeachtaí seo:

Is tionscadal de chuid Damhsa Éireann é Pop-Up Dance a bhfuil sé mar aidhm aige nascadh le daoine óga ar mhaith leo damhsa a dhéanamh. Beidh dhá thaibhiú déag ar siúl ar fud na tíre, a d’fhorbair comhlachtaí áitiúla rince óige chun a bpobail agus a dtaithí féin a léiriú.

Tá Garageland ar ais! Agus i mbliana reáchtálfaidh siad ceolchoirmeacha i mBaile Átha Cliath, An Mhí, Dún na nGall, Port Láirge, Tiobraid Árann, Ciarraí, Cill Mhantáin, Cabhán agus Muineachán. In éineacht leis na ceolchoirmeacha beo seo beidh Galaxyz, cainéal teilifíse tiomnaithe ar líne a bheoshruthóidh na ceolchoirmeacha, a chraolfar léirithe réamhthaifeadta agus a óstálfaidh comhráite an tionscail.

Reáchtálfaidh Líonra Ealaíona Sráide agus Líonra Sorcais agus Seó na hÉireann laethanta oscailte do dhaoine óga ar mhaith leo triail a bhaint as scileanna sorcais agus seónna sráide ina n-ionaid thiomnaithe i gCloch Shiurdáin, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an imeacht, beidh réimse leathan ranganna teagaisc ar líne ar fáil agus tabharfar 5,000 liathróid lámhchleasaíochta amach ionas gur féidir le daoine óga a scileanna sorcais a fhorbairt sa bhaile.

Tabharfaidh Tithe Stairiúla na hÉireann spleodar Chruinniu na nÓg 2022 chuig ceithre cinn dá gcuid áiteanna áille. I measc na ngníomhaíochtaí beidh aer-acrabataic i dTeach agus Gairdíní Chill Ruaidhrí i gCill Mhantáin agus scoil foraoise i dTeach Chill Mhic Aodha i Loch Garman. Díreofar ar an réalteolaíocht agus ar an mbithéagsúlacht i gCaisleán Bhiorra agus reáchtálfar clár iomlán imeachtaí i ngairdíní Inis Cua i Maigh Eo.

Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí: I mbliana beidh an fhéile ar siúl ón 10 Meitheamh go dtí an 12 Meitheamh le Crúinniu na nÓg ina chroílár. Mar fhorbairt spreagúil, comhoibreoidh an fhéile le Foróige, Digital Animation Production TUS agus The National Talent Academy for Animation chun daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh agus a bheith cruthaitheach.  I measc na mbuaicphointí beidh taispeántais de bheochan coimisiúnaithe atá tiomnaithe do lucht féachana óg agus 10 ngearrscannán a chruthófar sna scoileanna rannpháirteacha.

Reáchtálfaidh Amharclann Óige na hÉireann ceardlanna amharclannaíochta ar fud na tíre.

Ealaín is ea í 2022. Tá comórtas iontach ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ do dhaoine óga ar ais, agus fógrófar na hiontrálacha a bhuafar ar an 11 Meitheamh 2022. Is é an 13 Bealtaine 2022 an spriocdháta le haghaidh iontrálacha.

Léireofar Cruthaím 33 ar TG4 le tacaíocht ó rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a léireoidh buanna 33 páiste agus duine óg ó gach contae sa tír chomh maith le hionadaí ónár ndiaspóra óg. Áireofar sa chlár freisin 4 scannán a rinne daltaí idirbhliana ó Ghaelscoileanna ar fud na tíre.

Ambasadóirí Chruinniú na nÓg 2022

I mbliana, d’iarr Éire Ildánach ar sheisear daoine óga iontacha ionadaíocht a dhéanamh ar Chruinniú na nOg 2022 chun daoine eile a spreagadh lena gcuid fuinnimh agus scileanna cruthaitheacha.

Tá Faith Leigh Bomah ó Leitir Ceannain thar a bheith cruthaitheach! Is iad an dá chaitheamh aimsire is fearr leis an gcailín cumasach deich mbliana seo ná dearadh faisin agus uaschúrsáil.

Na Bráithre Barceló – Mar bhall de theaghlach ceoil de chuid na Gaillimhe, is siamsóirí iontacha iad na Gaeilgeoirí iluirlisí Séamus (15) agus Míchéal (12). In ainneoin cé chomh hóg is atá siad, bíonn an bheirt acu thar a bheith sásta nuair a bhíonn siad ag seinm lena n-athair Miquel sa bhaile agus thar lear.

Tá Millie Sheppard (12) agus Anouk Baldin-Merer (14) ina mbaill de Chlub Sorcais Chloch Shiúrdáin ó bhí siad ocht mbliana d’aois áit a d’fhoghlaim siad gach rud ó lámhchleasaíocht go haonrothaíocht agus rola bola go hacra-dhamhsa.

Is é Luke Melvin (17) príomhghiotáraí agus guthóir tacaíochta Insubs. Thosaigh Luke ag seinm cúig bliana ó shin tar éis dó a chuid airgid chóineartaithe a shábháil chun giotár leictreach a cheannach agus ceachtanna a thosú. “Tagann sé go nádúrtha liomsa anois an giotár a sheinm.”

Téigh chuig láithreán gréasáin Chruinniú na nÓg 2022 Anseo

Cruinniú na nÓg 2022

Open Video

Stay up to date

×