“Tháinig muid ar fad ar an tuiscint i mbliana go raibh ár bpobail áitiúla tábhachtach, ach aithníonn muid freisin an láidreacht pobail atá in Éirinn. Agus muid ag foghlaim cén chaoi le dul i ngleic leis seo ar fad agus teacht chugainn féin, tá muid chun ár ndícheall a dhéanamh cabhrú leis na pobail sin saol níos fearr a chruthú don todhchaí. Tabharfaidh an clár Reimagine deis do dhaoine a bheith páirteach agus ceannródaíoch i dtaca le hathrú cruthaitheach a chur i bhfeidhm ar a bpobail, a gcomharsanachtaí, a mbailte móra agus a sráidbhailte, trí ailtirí, dearthóirí agus daoine áitiúla a dteastaíonn athrú dearfach uathu a thabhairt le chéile.
Agus í ag seoladh an togra go hoifigiúil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD,: “Is sampla rímhaith é Reimagine den chaoi gur féidir le clár cultúir agus sláinte an Rialtais daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus iad a athrú ó bhonn tríd an gcruthaitheacht. Is féidir le dearadh na bhfoirgneamh, na sráideanna, na bpáirceanna, agus na gcomharsanachtaí tacú le sláinte coirp agus le sláinte intinne. Cuidíonn sé le míchothromaíocht i gcúrsaí sláinte a laghdú, feabhas a chur ar shláinte na ndaoine and oiriúnú a dhéanamh don athrú aeráide.”
Fuair an togra Reimagine tacaíocht ó chlár de chuid Éire Ildánach, an Ciste Náisiúnta don Chruthaitheacht.