Cé go bhfuil an fhéile fós lonnaithe i mBaile Uí Mhathain – an áit ar rugadh an scríbhneoir mór le rá, Oliver Goldsmith – de réir mar a d’fhás an fhéile, leathnaigh sí amach go dtí ionaid níos mó sa Longfort, san Iarmhí, agus i Ros Comáin.
Tá clár na féile i mbliana lom lán le himeachtaí agus tá rogha den scoth de ghearrscannáin fhíorshuntasacha ar fáil go pearsanta agus ar líne thar dheireadh seachtaine na féile.
Chun comóradh a dhéanamh ar an gcúigiú bliain, tá ríméad ar Still Voices fáilte a chur roimh an stiúrthóir scannáin iomráiteach Terence Davies go lár na tíre, le haghaidh taispeáint speisialta dá shárshaothar ón mbliain 1988 ‘Distant Voices, Still Lives’ scannán a bhfuil an fhéile ainmnithe ina dhiaidh. Beidh an ócáid phearsanta seo ar siúl ar an 5 Samhain ag 8 pm in Amharclann Dean Crowe, i mBaile Átha Luain. An lá dar gcionn glacfaidh Davies páirt i máistir-rang stiúrtha leis an scannánóir cáiliúil de chuid na hÉireann Pat Collins in Amharclann Backstage, An Longfort. Pléifidh Davies agus Collins saol scannánaíocht fada agus éagsúil an scannánóra, a stíl déanta scannán agus a shoineantacht uathúil.
Beidh na taispeáintí atá oiriúnach do theaghlaigh agus a mbíonn an-tóir orthu agus na ceardlann beochana do pháistí ag filleadh chomh maith agus iad ina gcuid an-tábhachtach den fhéile do scannánóirí seanbhunaithe agus lucht déanta scannán atá ag teacht chun cinn.
Ar an 7 Samhain, beidh plé an-spéisiúil ar siúl i Leabharlann Pobail Bhaile Uí Mhatháin le triúr ealaíontóirí clúiteacha ón Longfort, Michael Keegan-Dolan, Karen McGann agus John Connell faoi na dúshláin a bhaineann le gairm bheatha a bhaint amach sna healaíona. Déanfaidh an file as an Longfort, Dani Gill, cathaoirleacht ar an ócáid seo.