Oíche ina mbeidh ealaín, eolaíocht, ceardlanna agus comhrá ar fáil
Bain sult as oíche le himeachtaí cois uisce atá fíor-spéisiúil sa Phuball Pangolin neamhghnách, preabspás teilgeora atá déanta as 35 scáth fearthainne riabhach.
Tabharfaidh an t-ealaíontóir, Alan Phelan faoi idirghníomhaíocht fabraice sa mhuiríne sna dathanna aitheanta dearg, uaithne agus gorm. Baineann siad seo le próiseas grianghrafadóireachta scáileáin daite Joly a cheap John Joly ó Chontae Uíbh Fhailí sna 1890aidí – ceann de na chéad íomhánna daite.
Déanfaidh an tOllamh Patrick Wyse Jackson ó Roinn na Geolaíochta TCD, áit a raibh Joly ag obair freisin, plé ar ‘Conas is féidir le Clocha an Pláinéad a Tharrtháil’. Clúdóidh an plé seo, ina mbeidh díospóireacht leathan ar fhionnachtana agus ar stair gheolaíochta a bhaineann le hathrú aeráide agus le healaín, an bealach inar chuir páipéir eolaíochta Joly le faisnéis chomhaimseartha sa réimse, ó na mianraí ar baineadh úsáid astú sna grianchealla agus an litiam a fuarthas san eibhear go linnte carbóin agus am geolaíoch.
Níos deireanaí san oíche osclófar do chuid súile sa School of Looking do shaibhreas na bithéagsúlachta atá mórthimpeall orainn le heispéireas ‘Slow Looking – bealach le scrúdú a dhéanamh ar an nádúr go mall agus go grinn agus tuiscint a fháil ar cháilíochtaí agus ar fhadhbanna na timpeallachta.
Bainfidh tú taitneamh freisin as féachaint roimh ré ar na chéad radhairc ar River Movie éachtach Cleary agus Connolly, ina ndéantar cur síos ar theagmháil an Mayfly le healaíontóirí, gníomhaithe agus eolaithe agus an Mayfly ar a turas suas an abhainn ó Luimneach go hInis Ceithleann.