Skip to main content


Nuacht

Seolann Eimersive Líonra chun Ceiliúradh a Dhéanamh ar Earnáil Rathúil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn

Scroll
min read

Seolann Eimersive Líonra chun Ceiliúradh a Dhéanamh ar Earnáil Rathúil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn

min read

29/08/24

Seolann Eimersive Líonra chun Ceiliúradh a Dhéanamh ar Earnáil Rathúil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn

Seolfaidh Eirmersive, glór earnáil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn, líonra ag ócáid speisialta ar an 11 Meán Fómhair in Amharclann Uí Rathallaigh, Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath. Is cloch mhíle shuntasach é an imeacht seo don earnáil, ag tabhairt ceannairí tionscail, nuálaithe agus páirtithe leasmhara le chéile chun gnóthachtálacha cuideachtaí tumthacha na hÉireann a cheiliúradh agus chun an stáitse a shocrú le haghaidh fáis amach anseo.

Beidh Dara Calleary TD, an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Rialáil Cuideachta agus Dhigiteach i láthair chun líonra Eirmersive a sheoladh ar an oíche.

San imeacht, dar teideal OUTWARD, léireofar uaillmhian agus rochtain dhomhanda earnáil na Teicneolaíochta Tumthaí in Éirinn, áit a bhfuil 80% de ghnólachtaí ag onnmhairiú a gcuid réitigh nuálaíocha ar fud an domhain cheana féin. Beidh deis ag an lucht freastail féachaint ar thaispeántais teicneolaíochta tumthaí, dea-scéalta a chloisteáil faoin teicneolaíocht, agus foghlaim faoi na forbairtí is déanaí sa tionscal.

Samhlaíonn Eirmersive Éire a bheith ina mol domhanda don teicneolaíocht thumthach faoi 2030, ag baint leasa as tallann shaibhir TF agus chruthaitheach na tíre. Le fás domhanda measta de €800 billiún faoi 2030 agus 860,000 post nua féideartha cruthaithe faoi 2025, is pointe ríthábhachtach é an ócáid ​​seolta seo do thodhchaí dhigiteach na hÉireann.

Tabharfaidh Michael Barngrover, Stiúrthóir Bainistíochta XR4Europe, cumann tionscail a bhfuil tionchar gníomhach aige a mhúnlaíonn todhchaí an tsaoil fhíorúil san Eoraip go gníomhach trí thionscadail mar XR4HUMAN agus OpenVerse, príomhaitheasc sa tráthnóna. Cuirfidh Michael léargas ar thírdhreach na hEorpa ar fáil, lena n-áirítear príomhstraitéisí ar nós Straitéis Meiteachruinne na Fionlainne agus tionscnaimh Dhomhanda Fíorúla an AE, ag cur béime ar dheiseanna do chuideachtaí Éireannacha dul i ngleic leis na tionscnaimh seo agus leas a bhaint astu.

Beidh Lightning Talks mar chuid den imeacht, ina labhróidh úsáideoirí deiridh Réitigh Teicneolaíochta Tumthaí a thóg cuideachtaí tumthacha na hÉireann. Beidh na húsáideoirí seo a leanas ina measc:

  • Labhróidh Dafyyd Hall Williams, Stiúrthóir Ealaíne ar Cheoldráma Camchuairte Uladh faoin gcaoi ar bhain cuideachta Cheoldráma Camchuairte Uladh atá lonnaithe i mBéal Feirste leas as an teicneolaíocht a d’fhorbair an comhlacht teicneolaíochta tumhthaí Volograms atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Clúdóidh Dafydd dhá chás úsáide ar leith ina raibh ról lárnach ag teicneolaíocht thoirtmhéadrach gabhála Volograms: RB Don Giovanni agus aip Yardmen Trail AR Stories.
  • Labhróidh Ger Corbett, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i gCeantar Gnó Áth an Ghainimh faoi chur i bhfeidhm agus úsáid cúpla RF digiteach Áth an Ghainimh do thionscadal AE, IB-Green, a bhaineann le straitéisí glasa do cheantair thionsclaíocha i gcathracha nach mbíonn go leor spásanna glasa taitneamhachta poiblí iontu.
  • Labhróidh Mary Walsh O’Shea, Oifigeach Oideachais Aosaigh atá freagrach as an tSeirbhís Deimhnithe Oiliúna & Treorach Oideachais Aosaigh in WWETB faoi Réaltacht Fhíorúil a úsáid le haghaidh Ionsamhlúchán Chúram Tumthach Sláinte.

 

Beidh Meitheal an Tumoideachais, le tacaíocht ó Meta, i láthair le linn na hócáide freisin. Tá an grúpa seo ag forbairt moltaí do rialtas na hÉireann maidir le RB, RF, agus RM a chomhtháthú sna curaclaim oideachais ag gach leibhéal. Léireofar ina dtuarascáil cásanna úsáide rathúla ó Éirinn agus fiosrófar ann conas is féidir leis an tumoideachas feabhas a chur ar oideachas, breisoiliúint agus oiliúint ghairmiúil.  Seolfaidh Stephanie Anderson ó Meta an tuarascáil go hoifigiúil ag an imeacht.

Cuirfear an tráthnóna i gcrích le taispeántais ó chuideachtaí Tum-theicneolaíochta na hÉireann, líonrú agus fáiltiú bia.

Seo a leanas clár an imeachta:

  • 7:00 – 7:15 i.n. Aitheasc Tosaigh
  • 7:15 – 7:45 i.n. Lightning Talks of End-User Success Stories
  • 8:00 – 8:15 i.n. Seoladh Thuarascáil Mheitheal an Tum-Oideachais
  • 8:15 – 9:30 i.n. Taispeántais Réitigh Teicneolaíochta Tumthaí ó chuideachtaí dúchasacha, fáiltiú bia agus líonraithe

Tá Eirmersive bródúil as tacaíocht a fháil ó chlár Éire Ildánach agus tá maoiniú á fháil aige ón Rialtas mar chuid de Phlean na dTionscal Cruthaitheach Digiteach 2024-2026, a faomhadh agus a seoladh i mí Feabhra 2024. Tá sé mar aidhm ag an bplean seo na tionscail chruthaitheacha dhigiteacha in Éirinn a neartú, agus ról lárnach ag Eirmersive in earnáil na Teicneolaíochta Tumhthaí a ardú go domhanda.

Bigí linn ar an 11 Meán Fómhair chun páirt a ghalcadh san aistear iontach seo.

Clárú chun freastal anseo: https://www.eventbrite.ie/e/outward-tickets-957022830047

 

Bigí linn ar an 11 Meán Fómhair chun páirt a ghalcadh san aistear iontach seo.

Clárú chun freastal anseo: https://www.eventbrite.ie/e/outward-tickets-957022830047

Stay up to date

×