Skip to main content
Fontaines DC


Nuacht

Scoth an Cheoil in Éirinn: 10 gCeoltóir ar chóir a fheiceáil ag All Together Now

An rud is lúcháire faoi bheith i láthair ag féilte corraitheacha agus imeachtaí cultúrtha in Éirinn i rith an tsamhraidh ná an réimse leathan cheoil ó cheoltóirí Éireannacha a thiocfaidh tú air i measc na bpuball agus na n-ardán.

Le scoth an cheoil Éireannaigh á sheinm ann thar an deireadh seachtaine ní haon eisceacht í All Together Now. Tá All Together Now ar cheann de na féilte úr-nua suite i bPort Láirge ar thailte áille Eastát an Churraigh Mhóir. Seo a leanas 10 gceoltóir Éireannacha ar chóir a fheiceáil le linn fhéile na bliana seo.

 Fontaines D.C.

 Is beag bannaí cheoil atá tionchar ar dhomhain an cheoil chomh láidir leis seo acu ná a bhí ag an gcúigréad seo as Baile Átha Cliath le bliain anois. In 2019, bhain an banna punc-cheoil spleodrach seo albam amach san 5 is Fearr in Éirinn, léirmheas 5-réalta ón Guardian, ainmniúchán Mercury Music Prize agus sliotán léirithe ar an seó teilifíse Meiriceánaigh, The Tonight Show le Jimmy Fallon. Gan amhras ar bith, beidh an seó seo mar bhuaicphointe gairme dóibh agus iad ag teacht abhaile don chéad uair.

 Éist le: Dogrel, chuir The Guardian síos ar an albam seo, a bhfuil ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí, mar ‘perfect debut’.

Lisa Hannigan & Stargaze 

Ceann de na ceoltóirí Éireannacha is áille dá glúin féin, tá cáil ar Lisa Hannigan ar fud na cruinne dá scríbhneoireacht álainn, aislingeach cheoil tíre. Tar a éis di trí albam an-rathúla a chur amach, rinne sí comhoibriú le déanaí leis an gcomharghrúpa clasaiceach Stargaze ó Amstardam-Beirlín ar thionscadal nua lena catalóg amhráin féin a athshamhlú agus a athspreagadh i suíomh beo. Toradh draíochtúil amach is amach ar chóir a bheith ann!

Éist le: Live in Dublin, an toradh den chomhoibriú cruthaitheach le Stargaze, ba cóir go bhfaighfeá blas ar céard le bheith ag súil leis.

Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ

Agus an Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ ar tí a bheith ina seoda náisiúnta, tá an seans céanna ann iad a chloisteáil i mbun ómóis do Abba agus iad ag tionlacan an Messiah le Handel. Cuirfidh siad saothar an chumadóra cháiliúil Leonard Cohen ar an ardán agus cúpla aoi speisialta le teacht air leo, seit ceolmhar speisialta a bheidh ann.

Éist le: Flicker Featuring the RTÉ Concert Orchestra

Kojaque

Tá ag éirí le hip hap Éireannach spás cultúrtha a chruthú dó féin faoi láthair agus an réimse leathan de MCanna, rapálaithe agus léiritheoirí ag bailiú lucht éisteachta, anseo agus thar sáile. Ceann de na ceannairí ar an ngluaiseacht ná Kojaque (is é Kevin Smith a fhíorainm) a rugadh i mBaile Átha Cliath. Meascann Kojaque samplaí airgtheacha le buillí snagcheoil agus liricí fileata le cuntas a thabhairt ar shaol Átha Cliath. Sheinn sé le déanaí ag Glastonbury agus Longitude agus ainmníodh é ar son Choice Music Prize.

Éist le: Deli Daydreams, a chéad EP a chuir The Irish Times ‘the best Irish release of 2018’ air.

King Kong Company

 Is dream iad King Kong Company atá Éireannach gan amhras agus lucht leanúna an-dílis acu, luaitear go minic gurb iad an seó Éireannach is fearr i láthair na huaire agus bheidís ina rud breise d’aon chlár féile. Ní bhaineann díograis agus cruthaitheacht an ghrúpa ach amháin le ceol. In 2017 scaoil siad a mbeoir cheirde féin darbh ainm Commotion Lotion. Is seó ar chóir duit a fheiceáil é a seó beo, ilchiallach seo.

 Éist le: My Name is Now, traic damhsa preabach ó 2018 atá anois ina rogha traic ar na seitliostaí damhsa uile.

 Saint Sister

Meascann Saint Sister, ceann de na bannaí cheoil óga Éireannacha is corraithí faoi láthair, ceol tíre, ceol clasaiceach agus leictreonaice le guthanna neamhaí. Tar a éis dóibh turas a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe ní ba luaithe sa bhliain, tá aitheantas idirnáisiúnta ar na cártaí don bhanna a bhíonn cláirseach acu mar chuid den seó beo, seinnte ag ball an bhanna, Gemma Doherty.

 Éist le: Shape of Silence, a gcéad albam ó 2018, cé a bheadh in ann na foinn bhrionglóideacha agus scéalta faoi mheabhair na n-óg ar an albam iontach seo a dhiúltú?

 SOAK

 Ceann de na scríbhneoirí amhráin is mó cáil orthu le blianta beaga anuas, tá SOAK mar fhuaimrian Chruinniú na nÓg, ár lá náisiúnta saor in aisce do dhaoine faoi 18 a bhí ar siúl mí ó shin. Bhuaigh an chéad albam ag SOAK, ó 2015, ainmniúchán don Mercury Music Prize agus lucht leanúna mór is dílis. Ag leanúint ó sin, chuir an t-amhránaí, a rugadh i nDoire, ceol indie tarraingteach agus ‘pop-brionglóideach’ lena raibh déanta aici cheana féin ach níor chaill sí aon chuid dá ceol millteanach a thit an domhan i ngrá leis.

 Éist le: Grim Town ó 2019, an dara albam ag SOAK, rinne The Guardian cur síos air mar ‘life-affirmingly raw pop’.

 Pillow Queens  

Spraíúil ach cumhachtach, is léargas ríthábhachtach iad Pillow Queens ar aitheantas cruthaitheach in Éireann an lae inniu. Tá an fhuaim, faoi chomaoin ag popghiotár iontach, garbh agus tarraingteach agus is minic a phléann liricí an bhanna le topaicí polaitiúla agus forchéimnitheacha. I ndiaidh dóibh samhradh a chaitheamh ag seinm ag na féilte, b’fhiú an banna seo a fheiceáil sularb éiríonn leo an príomhshrutha a bhaint amach.

 Éist le: How Do I Look, ceann de na hamhráin Éireannacha is fearr a chloisfidh tú an bhliain ar fad.

 Beoga

Cuireann siad síos orthu féin mar “new wave trad”, tá Beoga tar éis a gceol éagsúil agus seánra-lúbthachta a thabhairt ar fud na cruinne le cúig bliana déag anois. Is in 2017 a thug tuilleadh daoine aird orthu nuair a rinne siad comhoibriú le Ed Sheeran ar an traic, “Galway Girl”. Cnag domhanda a bhí ann le thar 700 milliúin sruthanna ar Spotify agus am ar an sceideal mar aíonna ag an bhféile Glastonbury. Tháinig siad lena chéile i gCiarraí, beidh siad an-sásta ag seinm os chomhair slua Muimhneach!

Éist leis: an albam is deireanaí ón mbanna, Before We Change Our Mind. Dúirt The Irish Times faoi gur “a bold step forward” atá ann.

Daithi

Deirtear gurb é an ceol Éireannach is fearr an cineál cheoil a mheascann seánraí éagsúla lena chéile le draíocht a chruthú, agus is cinnte gurb é Daithí ó Chontae an Chláir a leanann céard a dheirtear. Ag baint úsáide as lúba ar an bhfidil agus liricí spreagtha ag Iarthar na hÉireann, cruthaíonn Daithí meascán uathúil de cheol sintéisithe leictreonach. Tá Daithí anois ina chnámh droma na bhféilte agus bailíonn slua mór díograiseach i gcónaí dá sheónna.

Éist le: Mary Keanes Introduction, traic leictreonach oirirc atá seanmháthair Daithí, atá aois 90 bliana d’aois aici, mar chuid de. Cruthaítear droichead idir stair atá caite in Éirinn agus an todhchaí.

Le tuilleadh eolais a fháil ar thionscnaimh agus tionscadail speisialta de chuid an Creative Ireland Waterford Programme, breathnaigh anseo

Stay up to date

×