Skip to main content
The Welcoming Project Catherine Young


Nuacht

“Is rud speisialta an damhsa le chéile a tharraingíonn muid uile le chéile”

Tá daoine as gach cúlra ag baint taitneamh as cineál féinléirithe ar leith trí thionscnamh iontach damhsa de chuid an chóiréagrafaí Catherine Young.

Tugtar ‘The Welcoming Project’ ar an tionscnamh seo agus cuireann obair Catherine ar chumas imirceach, teifeach, Éireannach agus iarrthóirí tearmainn nascadh le chéile tríd an damhsa agus tríd an gceol.

“Tugann sé cumhacht do dhaoine cuid díobh féin a roinnt le go mbraithfidh siad, i dtír eachtrach, go bhfuil rud éigin atá luachmhar acu le roinnt linn.”

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag tacú leis an tionscnamh cuimsitheach seo mar chuid dá Straitéis Áitiúil Cultúir agus Cruthaitheachta.

Féach ar Catherine ag labhairt faoi The Welcoming Project san fhíseán gearr thíos.

#CreativeCommunities

The Welcoming Project

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×