Míníonn Ceara an scéal taobh thiar den amhrán:
“Déardaoin, an 4 Meán Fómhair 1828, bádh 20 duine a bhí ag taisteal go Gaillimh ar an gCaisleán Nua nuair a chuir caora a cos trí urlár an bháid. Ba é an tubaiste ábhar an chaointe chlúitigh, Eanach Dhúin níos déanaí, a dtugtar Anach Cuain anois air freisin. Cumtha ag an bhfile dall clúiteach Éireannach Antoine Ó Raifteirí.”
Féach thíos sampla Gaeilge agus Béarla de liricí tochtmhara Raifteirí a scríobhadh sa bhliain 1828:
Má fhaighimse sláinte is fad-a bheas trácht ar
an mhéid a báthadh as Anach Cuan.
Mo thrua amárach gach athair is máthair
Bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na ngrásta, a cheap neamh is Párthas,
nár bheag an tábhacht dúinn beirt ná triúr?
Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach
is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúil.
***
If I am spared, I’ll be long telling
Of the number drowned out of Annaghdown.
My pity tomorrow for the fathers and mothers,
Women and children who are weeping.
Oh King of graces, who created heaven and paradise,
Oh God, two or three would have been bad enough –
But such a fine day, without wind or rain,
To sweep away a whole boat-full!
Photo: Dragana Jurisic
Tá ‘Anach Cuain’ ar cheann amháin de naoi n-amhrán ar an sean-nós atá ar chéad albam Cheara ‘Caoin’ atá le teacht. Ag labhairt di faoin albam, dúirt Ceara:
“Tháinig ‘Caoin’ as an ngrá atá agam amhráin ar an sean-nós thraidisiúnta na hÉireann a chasadh a bhfuil foinn agus scéalta iontu a léiríonn mothúcháin den chumha, den mhian, agus céadfacht an ‘chaointe’. Cloisfidh tú caointe chomh maith le hamhráin mholta, amhráin ghrá, agus suantraithe ar ‘Caoin’. Is aoibhinn liom amhráin ó ar fud an domhain a chasadh ach tá áit speisialta i mo chroí don amhránaíocht ar an sean-nós agus is iomaí cúis atá leis sin amhail na fréamhacha atá agam i gConamara, an grá atá agam don Ghaeilge, agus an fíoreispéireas domhain atá ann línte agus nótaí binne maisithe a chasadh. Thar aon rud eile is breá liom amhráin ar an sean-nós a chasadh mar gheall ar an dáimh atá agam leo agus iad á gcasadh agam, braithim go bhfuil na mothúcháin a léirítear iontu buan agus uilíoch.”
Tá aitheantas bainte amach ag Ceara as a hamhránaíocht i stórtha traidisiúnta in go leor cultúr idir shean-nós traidisiúnta na hÉireann, amhránaíocht Phortaingéilise, Araibise agus Afracach, agus Chantaireacht Ghréagórach. Is é croí a ceoil an chros-síolracht uathúil a bhaineann leis, an grá agus an t-ómós atá aici don traidisiún in éineacht leis an tsuim atá aici i stíleanna, seánraí nua agus ceol comhaimseartha.