Skip to main content
Creative Schools Initiative


Nuacht

Poitéinseal Cumhachtach: Borradh infheistíochta €6m le fáil ag Óige Ildánach

D'fhógair trí roinn Rialtais go ndéanfar comh-infheistíocht €6 mhilliún in 2019 i dtionscnamh bríomhar de chuid an Chláir Éire Ildánach dar teideal Óige Ildánach.

Níl anseo ach bealach amháin le cur chuige uile-Rialtais an chláir a chur in iúl. Le comhoibriú idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, cuirfear tuilleadh lenár n-iarrachtaí ó thaobh cruthaitheacht nádúrtha leanaí agus daoine óga a chumasú.

Ceann de na buaicphointí ó fhógra an lae inniu agus rud a gcuirfear fáilte roimhe, go mbeifear ag leathnú amach Scoileanna Ildánacha, tionscnamh suaitheantais nuálach de chuid an Chláir Éire Ildánach, faoi stiúir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Leis an mbuiséad nua-fhógartha seo, beimid in ann méadú faoi dhó a chur ar an líon scoileanna a bheidh in ann a bheith rannpháirteach sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha go dtí 300. Roghnófar 150 scoil eile go luath agus cuirfear iad leis na scoileanna rannpháirteacha. Beidh clárú agus iarratais ar líne ar oscailt ón 15 Feabhra go dtí an 21 Márta.

Tá sé mar aidhm ag Scoileanna Ildánacha na healaíona agus an chruthaitheacht a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh mar ghné lárnach de shaol na scoile. Féachann sé le cruthaitheacht, poitéinseal agus rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga a chothú mar chuid lárnach dá n-oideachas. Aithnítear, trí bhíthin an tionscnaimh, gur bealach cumhachtach iad na healaíona trína féidir le leanaí agus daoine iniúchadh a dhéanamh ar chumarsáid agus comhoibriú, a samhlaíocht a spreagadh agus gníomh airgtheach a dhéanamh de agus a bhfiosracht atá de nádúr iontu a chothú.

I mbliana, beidh os cionn 140,000 leanbh agus duine óg rannpháirteach i gcláir de chuid Scoileanna Ildánacha agus Cnuasaigh Ildánacha; agus bainfidh múinteoirí ar fud na tíre leas as níos mó deiseanna tabhairt faoi Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD). Cuirfidh ceann dár gcomhpháirtithe, Music Generation, tús le cúig Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil Áitiúil in 2019 chomh maith, céim bhreise maidir leis an ngealltanas maidir le forchéimniú náisiúnta faoin mbliain 2022. Faoinár gCiste Náisiúnta Ildánachta, déanfar tuairim is 15 thionscadal spreagúil do leanaí agus daoine óga a fhorchéimniú chomh maith, rud a chuirfidh tuilleadh deiseanna cruthaitheachta ar fáil do dhaoine óga ar fud na tíre.

Is scil riachtanach í an chruthaitheacht lena forbairt ag leanaí, agus dá bharr sin, dá luaithe a fhéadfaidh siad rochtain a fháil ar acmhainní a chuirfidh a bpoitéinseal faoi bhláth, is amhlaidh is fearr é. Tá an Clár Éire Ildánach tiomanta cabhrú lenár ndaoine óga a gcruthaitheacht a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh, agus chun an mothú go bhfuil rud éigin curtha i gcrích acu, agus ar deireadh, a bhfolláine, a chumhachtú agus a mhéadú.

An mian leat iarratas a dhéanamh ar an tionscnamh Scoileanna Ildánacha? Tá níos mó eolais anseo

Creative Schools

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×