Craolfar Samhlú 2020, ceiliúradh 90 nóiméad ar TG4 an 15 Nollaig ag 9.30pm. Tá sé suite i dtimpeallacht álainn Chor na Rón, i gCo. na Gaillimhe agus sé á óstáil ag Tommy Tiernan, sa chéad chomhoibriú dá chuid le TG4. Taispeántas atá ann a thabharfaidh léargas ar réimsí éagsúla den cultúr agus den chruthaitheacht agus beidh léirithe le feiceáil ó Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Catherine Young Dance. Tá píosa úrnua ‘Samhlú’ cumtha ag cumadóir Riverdance, Bill Whelan, agus cuirfear é seo a láthair den chéad uair freisin mar chuid den chraoladh. Fite fuaite sa chlár beidh sé ghearrscannán ina bhfeicfear ealaíontóirí Waterford Walls, Modern Day Mummers as Contae Liatroma, Catherine Young Dance agus na gearrscannáin Lackeen, Fiach agus An Irish Goodbye.