Nascann na LCYPanna le chéile raon leathan d’acmhainní daonna agus de bhonneagair chun gníomhaíochtaí cruthaitheacha taobh amuigh den scoil a fhorbairt agus a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, gníomhaíochtaí a chuireann leis an obair a bhíonn ar bun i suíomh foirmiúil na scoile agus a oibríonn i bpáirt léi.
Tabharfaidh an chomhpháirtíocht le chéile na Boird Oiliúna agus Oideachais (lena n-áirítear oifigigh agus pearsanra ábhartha eile), údaráis áitiúla (oifigigh ealaíon, comhordaitheoirí Éire Ildánach, oifigigh oidhreachta, leabharlannaithe etc.), ionaid oideachais, ionadaithe ó earnálacha áitiúla na luathbhlianta (Coiste Cúraim Leanaí an Chontae), ionadaithe ón earnáil oideachais neamhfhoirmeálta, ionadaithe ábhartha ó na Ranna Rialtais agus acmhainní áitiúla don chultúr agus don chruthaitheacht.
Dúirt an tAire Foley: “Chuaigh obair na dtrí LCYPanna píolótacha, atá ar an bhfód cheana féin, i bhfeidhm go mór orm ó bunaíodh iad in 2019. Is é an spriocghrúpa atá ag gach clár agus tionscnamh de chuid an LCYP ná leanaí agus daoine óga sna pobail áitiúla (i suíomhanna ‘lasmuigh den scoil’ agus tá siad dírithe go háirithe orthu siúd atá imeallaithe nó atá faoi mhíbhuntáiste).
“Tá áthas orm a bheith in ann líon na LCYPanna a dhúbailt anois, chun deis a thabhairt do bhreis leanaí agus daoine óga rochtain a fháil ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht, lasmuigh den seomra ranga.’
Cé gur tionscnaimh de chuid na Roinne Oideachais iad na LCYPanna, i mbliana tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, chomh maith, chun tacú leis na tionscnaimh.
Dúirt an tAire Martin: “Meastar na LCYPanna a bheith ar cheann de na príomhthionscnaimh sa ghné den chlár Óige Ildánach a bhaineann le himeachtaí “lasmuigh den scoil”. Táthar ag súil go ndíreoidh na LCYPanna go príomha ar chomhoibriú le hearnáil na hóige, Ionaid Ógtheagmhála, earnáil na Luathbhlianta agus earnálacha/eagraíochtaí eile a bhíonn ag plé le gníomhaíochtaí agus cláir chruthaitheacha agus chultúir nó cláir eile lasmuigh den scoil do leanaí agus do dhaoine óga”.