Skip to main content
Happy Head Space


Nuacht

Meon pearsanta sona: Ceithre thionscnamh ar mhaithe le folláine do chách

Inniu Lá Domhanda na Meabhairshláinte agus mar sin caithimid súil ar roinnt tionscnamh den scoth a cheanglaíonn gníomh cruthaitheach le folláine phearsanta do chách.

Déantar comóradh ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte gach bliain ar an 10 Deireadh Fómhair, agus ardaítear feasacht faoi cheisteanna meabhairshláinte ar fud an domhain.

Toisc an fholláine náisiúnta a bheith i gcroílár an Chláir Éire Ildánach, cuirimid fáilte roimh an deis tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh inar féidir an chruthaitheacht agus an fholláine a thabhairt le chéile ar mhaithe le cách.

Tionscnamh amháin den sórt sin is ea First Fortnight, carthanas dinimiciúil a thugann dúshlán don chlaontacht i gcoinne na meabhairshláinte trí ghníomh ealaíon agus cultúrtha. Sa chéad choicís de mhí Eanáir gach bliain, cuireann an eagraíocht dlús faoi fheasacht meabhairshláinte, téitear i ngleic le claontacht agus oibrítear d’fhonn deireadh a chur le stiogma trí imeachtaí agus eispéiris ealaíon ina dtugtar inspioráid agus spreagadh dúinn ar fad labhairt go hoscailte faoi mheabhairshláinte.

I mí Eanáir, óstálfaidh First Fortnight Féile Ealaíon Meabhairshláinte na hEorpa 2019 i mBaile Átha Cliath. Níos túisce an samhradh seo, tugadh cuireadh d’ealaíontóirí a bhfuil spéis acu sa chlaontacht, san idirdhealú agus sa stiogma a bhaineann le meabhairshláinte chun a saothar a thaispeáint ag an bhféile.

I mí Eanáir, óstálfaidh First Fortnight Féile Ealaíon Meabhairshláinte na hEorpa 2019. Níos túisce an samhradh seo, tugadh cuireadh d’ealaíontóirí a bhfuil spéis acu sa chlaontacht, san idirdhealú agus sa stiogma a bhaineann le meabhairshláinte chun a saothar a thaispeáint ag an bhféile.

Tionscnamh láidir eile is ea ‘Sound Schools Toolkit’, clár nua meabhairshláinte cruthaitheach do leanaí. Arna fhorbairt ag Fondúireacht Óige na hÉireann/The Irish Youth Foundation, a thugann tacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga leochaileacha a mhaireann i gcúinsí faoi mhíbhuntáiste, agus A Lust For Life, eagraíocht a thiomáineann athrú sóisialta maidir le folláine mheabhrachtá ardán ar líne ann ar a dtugtar Youthfl!x (bunaithe ar shamhail Netflix), a óstálann inneachar agus cainéil shláinte agus folláine atá oiriúnach d’aois na ndaoine a bhaineann tairbhe as.

Gheobhaidh cuairteoirí blaiseadh den ealaín agus den chomhoibriú ag Clinic Oileán Uiséir i gCathair Bhaile Átha Cliath, ionad lae laistigh de shraith phíolótach Sheirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí de chónaitheachtaí ealaíontóirí. Úsáideann othair reatha agus roimhe seo an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar an clinic agus feicfear triúr ealaíontóirí tabhairt faoi chónaitheachtaí ceithre mhí ansin, ag amanna difriúla, agus é mar aidhm saothar a chruthú ar bhealach comhoibritheach agus ina mbeidh an pobal gníomhach ar bhonn sóisialta.

I nGaillimh, cuirfidh The Lullaby Project ceoltóirí gairmiúla ag obair i gcomhpháirt le tuismitheoirí, cúramóirí, agus cleachtóirí luathbhlianta chun amhráin speisialta, pearsanta a chumadh do leanaí óga. Treoirthionscadal de chuid Choiste Cúram Leanaí na Gaillimhe agus Groundswell Arts, tacaíonn an tionscnamh ceoil seo leis an meabhairshláinte i leanaí agus i ndaoine fásta, cabhraíonn sé le forbairt an linbh agus neartaíonn sé an ceangal agus na caidrimh a bhíonn idir gach duine lena mbaineann.

Níl anseo ach blaiseadh de na tionscnaimh nuálacha atá áirithe sa Chiste nua Náisiúnta Ildánachta, faigh amach anseo cé eile a bheidh ag cur ár bhfolláine agus ár gcruthaitheacht chun cinn.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×