Spás foghlama pobail ar líne d’oidí atá in Acadamh Kinia. Beidh deis acu cúrsaí i dteicneolaíocht na cruthaitheachta a fhiosrú agus clárú lena n-aghaidh ionas gur féidir leo foghlaim de réir mar is fearr leo féin, le físeáin spéisiúla lena ndéantar idirghníomhaíocht, le hacmhainní léitheoireachta agus le roghanna éagsúla maidir le hábhar a íoslódáil agus le plé a dhéanamh ar an ábhar sin.
Is Oibrí Óige é Liam Devanney leis an tionscadal Include Youth, Obair Óige Éireann sa Chabhán agus i Muineacháin, agus thug seisean faoi roinnt cúrsaí oiliúna le Kinia, go háirithe: Scannánaíocht ar Fón Póca, Eolaíocht Ríomhaireachta agus STEAM.
“Is gné bhunriachtanach den obair feabhas a choinneáil ar na scileanna de réir mar a bhíonn nithe nua ag teacht chun tosaigh. Trí scileanna nua a fhoghlaim, is féidir linn deiseanna nua a thairiscint do dhaoine óga sa cheantar. Mar gheall ar an oiliúint a rinneamar le Kinia, bhí ar ár gcumas réimse leathan gníomhaíochtaí/grúpaí STEAM a rith le 12 mhí anuas. Tugaim san áireamh leis sin úsáid a bhaint as Makey Makey, Skribot, Scratch agus cogaíocht róbait. Tá clár maidir le scannánaíocht fón póca á cur ar fáil againn faoi láthair do dhá aoisghrúpa faoi leith.”