Na daoine óga atá rannpháirteach:
McKenzie Lowe – I love You – Tá McKenzie Lowe lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus déanann sí a cuid ceoil a fhorbairt agus a thaifeadadh le Seirbhís Óige Fhionnghlas.
Seán Heslin – Casadh an tSúgáin – Is mac léinn tríú leibhéal é Seán Heslin atá ag déanamh staidéir ar an múinteoireacht bhunscoile. Tá suim mhór ag Seán sa cheol, agus creideann sé go bhfuil áit lárnach ag an gceol sa seomra ranga.
Uisce Jones – In Love – Óna bheith ag ceol ag cúinne na sráide go dtí an stiúideo, siod é Uisce Jones, amhránaí/scríbhneoir amhrán atá 16 bliana d’aois as iarthar na hÉireann. Meascán de cheol croíúil an ghiotáir, de ghuth úr agus d’fhocail a éilíonn athrú atá i gceol Uisce. Tá ceol Uisce fréamhaithe i gceol grúinse, indí agus rac le beocht na hóige.
Dubal C – Paranoia – Is rapálaí agus ceoltóir as Éirinn é Cian Carey, ar fearr aithne air leis an ainm DubalC.
Is as an bhFionnghlas i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath ó dhúchas é. Thosaigh sé ag rapáil agus é óg agus d’eisigh sé a chéad rian agus é sé bliana déag d’aois (cé gur thaifid sé rianta nár eisíodh agus é cúig bliana déag d’aois). Is as an amhrán “Rocket to the Moon” dá chuid agus as a cheol ar an albam COMIX le Bernard M. is fearr a aithnítear é.
Is minic a bhíonn sé ag comhcheol lena chara Danny Ruszo, agus d’eisigh siad albam iomlán le chéile dar teideal Immature, Not Amateur.
Áine Ní Ghríofa (Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe) – Fear Níos Fearr – Is as Gaeltacht Chonamara í Áine a labhraíonn Gaeilge agus atá gafa le ceol Billy Elliot. Scríobh Áine a liricí féin do cheann dá amhráin agus bhí an deis aici cur leis ar scoil, agus a thaifeadadh mar chuid de Creative Tech Fest Kinia 2021.
Pobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne – Dóchas – Mar chuid den Idirbhliain, shocraigh mic léinn ón bpobalcholáiste tabhairt faoina gceol rap féin a scríobh agus a thaifeadadh i gceardlann le GMCBeats a dhéanann ceardlanna “Song-in-a-Day” i réimsí na scríbhneoireachta amhrán, na cruthaitheachta, na rapála, na hamhránaíochta, an taifeadta, déanta buillí & teicneolaíocht an cheoil do scoileanna.