Siúlfaidh gach mac léinn go móiréiseach i ndearaí a bheidh déanta go hiomlán as gnáth mhangarae: is cuma an seanbhoinn, scuaba fiacla nó tósta dóite atá ann, tá gach rud ceadaithe chomh fada is a bhaineann le Junk Kouture. Is í an bhunriail ná go gcaithfidh an feisteas a bheith déanta as ábhair atá athchúrsáilte 100%.
Ag deireadh na hoíche beidh €1,000 á bhronnadh ar Bhuaiteoir Junk Kouture 2020 agus €2,000 eile ar an scoil bhuacach. Beidh neart duaiseanna eile le gnóthú ar an oíche freisin ag Cóisir na mBuaiteoirí, a chraolfar ar junkkouture.com díreach tar éis an phríomhthaispeántais, lena n-áirítear The Bright Enterprise Award agus an Gradam Cruthaitheach do Chúis, Waste2Wear.
Dúirt breitheamh Junk Kouture Michelle Visage: “Bhí go leor thuas seal thíos seal i gceist i mbliana do gach duine ach ar chaoi éigin tá bealach aimsithe ag Junk Kouture chun dul in oiriúint do chúrsaí – agus is mar fheall ar an teacht aniar sin go bhfuil mé ar bís le bheith páirteach sa deichiú Babhta Ceannais den chomórtas iontach seo. Ní ligfear ár mbuaiteoirí i ndearmad toisc go mbeidh an Babhta Ceannais á chraoladh ar an teilifís den chéad uair – nach iontach go deo an rud é sin? Is breá liom gach rud a bhaineann leis an gcomórtas seo as ní hamháin toisc go dtaispeánann sé an chruthaitheacht neamhghnách atá ag an gcéad ghlúin eile, ach go bhfuil teachtaireacht thábhachtach ann dúinn go léir freisin: aire a thabhairt don domhan ina mairimid. Ba mhaith liom go dtapódh na hiomaitheoirí ar fad an deis agus gach a bhfuil acu a thaispeáint. Is fada liom go bhfeicfidh mé an tallann iontach, atá mé cinnte a bheith ar taispeáint. Agus tá mé thar a bheith sásta bualadh arís leis an Uasal Louis Walsh agus cabhrú leis an gcraobh a bhronnadh ar an gcéad bhuaiteoir eile de Junk Kouture.”
Junk Kouture Judge Louis Walsh said: “Tá mé i mbun moltóireacht ar Junk Kouture le deich mbliana anois agus caithfidh mé a admháil, go raibh faitíos mo chroí orm nach bhféadfadh an deichiú cluiche ceannais dul ar aghaidh. Bhí uaireannta ann nuair a smaoinigh muid ar fad, ‘conas is féidir linn é seo a chur i gcrích?’ ach tá mé an-sásta gur éirigh le Junk Kouture gach constaic a shárú agus seó iontach ar fad a eagrú do gach duine. Tá sé dochreidte an chaoi ar casadh rudaí timpeall Agus anois beidh an babhta ceannais ar an teilifís den chéad uair! Is í seo an deichiú bliain ag Junk Kouture agus is cinnte go bhfuil rudaí níos mó agus níos fearr ná riamh. Agus rud níos iontaí fós, in ainneoin go bhfuil Michelle ar an taobh eile den domhan, beimid in ann moltóireacht a dhéanamh ar an gcomórtas seo le taobh a chéile, a bhuíochas sin don teicneolaíocht. Tá mé thar a bheith sásta a bheith páirteach agus in ann a bhfuil réitithe ag na mic léinn dúinn a fheiceáil. Baineann Junk Kouture go hiomlán leosan agus is fada liom go bhfeicfidh mé cé a bheidh ar an gcéad scéal mór eile!”
Dúirt Tania Banotti Stiúrthóir Éire Ildánach : “Tá ríméad orainn a bheith ag tacú le Junk Kouture in 2021, tar éis dúinn sárchruthaitheach na ndaoine óga seo a fheiceáil ag seónna beo thar na blianta. Nuair a rinne siad an gclár a athshamhlú, léirigh Junk Kouture tiomantas dá phobal cruthaitheachta agus múinteoirí agus deis á thabhairt dóibh leanúint leis an gceiliúradh bliantúil seo ar chúrsaí faisin agus uaschúrsála. Táimid bródúil as ról a imirt, ní hamháin ag tabhairt chlár 2020 chun críche, ach freisin i bhforbairt ardán oideachais agus sroicheadh Junk Koure in 2021.”