Tá d'aidhm le hIontas an fhís agus an spás a theastaíonn don tionscantaíocht agus don nuáil san fhorbairt phearsanta agus san fhorbairt phobail a chur ar fáil, a thabhairt chun cinn agus a chothú agus is féidir sin a dhéanamh trí bhearta oideachais, cruthaitheachta agus ealaíne de chineálacha éagsúla.
Ón mbliain 2018 i leith, tá cúnamh á thabhairt faoi Éire Ildánach i gContae Mhuineacháin maidir le togra ildisciplíneach ardaidhme den nuáil d’fhonn rannpháirtíocht an phobail i mbearta cultúir agus cruthaitheachta a chothú. Bhí béim an-láidir ón tús ar an bpobal maidir leis an togra, ní hamháin maidir le haird agus tuiscint mhuintir na háite a chothú ar an oidhreacht iontach grianghrafadóireachta a d’fhág JJ Clarke, ach le modhanna oibre comhaimseartha maidir le rannpháirtíocht an phobail agus na próisis lena spreagtar sin.