Bhí trí ghné ag baint leis an tionscadal – obair ghrianghrafadóireachta phoiblí ar mhórscála, pacáistí gníomhaíochta digiteacha agus ceardlanna sa rang leis an ealaíontóir, agus mar thúsphointe don chaint faoi na crainn tugadh léargas do na páistí ar ealaín Louis. Is iad na grianghraif seo toradh na taighde atá déanta ag Louis ar stair na foraoiseachta tráchtála in Éirinn agus an bealach ar athraigh na plandálacha sprúis Sitka tírdhreach na hÉireann le 100 bliain anuas.
In éineacht le Louis bhí an t-oideachasóir Anne Bradley agus d’oibrigh siad le chéile chun sraith ceardlann praiticiúil a chur ar siúl do na páistí agus iad deartha ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar théamaí éagsúla lena n-áirítear an luibheolaíocht, bailiú síolta, an tírdhreach, an mhiotaseolaíocht agus scéalta ó chultúr dúchasach Mheiriceá Thuaidh, áit a bhfuil an sprús Sitka ina chrann dúchasach.
Rinne na páistí turgnamh ar roinnt próiseas amhairc lena n-áirítear an ghrianghrafadóireacht ar mhórscála, líníocht agus mapáil agus ghlac siad páirt i bplé faoi stiúir na n-ealaíontóirí. Mar chuid de na ceardlanna seo sa seomra ranga fuair gach páiste pacáiste fionnachtana ilchéadfach agus bhí fáil ag gach bunscoil sa chontae ar cheardlann dhigiteach.
Tá ríméad orainn an cheardlann dhigiteach seo a roinnt le raon leathan lucht féachana anois.
Tuilleadh eolais:www.fingalarts.ie/education
Breathnaigh ar an bhfíseán anseo