Bhí ceol, scailtín fíona agus meanman Nollag ag an gceiliúradh nuair a seoladh an tionscadal in Úllord Pobail Chluain Tuaiscirt, i gContae Ros Comáin, agus na hailtirí Evelyn D’Arcy agus David Jameson ag taispeáint íomhánna agus léarscáileanna ó na cartlanna agus ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí a gcuimhní, a smaointe agus a bhfís don sráidbhaile a roinnt. Bhí an scannánóir Padraig Cunningham, ó Pure Designs i Mainistir na Búille, i láthair freisin agus scéalta faoi shaol an tsráidbhaile á mbailiú aige.
Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Shauna O’Neill, Cathaoirleach Chumann Forbartha Agus Bailte Slachtmhara Chluain Tuaiscirt :“Is teistiméireacht é roghnú Chluain Tuaiscirt do thionscadal Sráidbhailte na nOibrithe ar an bhfís chomhchoiteann a bhí ag an iliomad teaghlach a thaistil ó gach cearn den oileán seo le cur fúthu i gCluain Tuaiscirt i dtús na 1950idí. As seo, tugadh go leor glúnta eile ar an saol, leis an bpobal atá i gCluain Tuaiscirt sa lá atá inniu ann a chruthú. Táimid ar bís maidir leis an deis a thabharfaidh Sráidbhailte na nOibrithe do Chluain Tuaiscirt, lena n-áirítear guth tábhachtach a thabhairt dár bpobal ó thaobh ár gcuimhní cinn, ár smaointe agus ár bhfís don todhchaí a roinnt. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo.”
Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach,: “Tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an tionscadal seo, a thagann go mór le Just Transition. Ailtire ab ea Frank Gibney a raibh fís fhorásach aige do cheantair tuaithe nua-aimseartha in Éirinn. Trí staidéar a dhéanamh air, agus ar na pobail a bhunaigh sé trína dhearaí, is féidir linn a chinntiú go mbeidh guth, sa tírdhreach tuaithe atá ag athrú, ag na daoine sin a rinne freastal orainn lena saothar, agus b’fhéidir fiú go dtiocfaí ar threoirphlean nuálach don fhorbairt inbhuanaithe tuaithe.”
Labhair Nathalie Weadick, Stiúrthóir an IAF, freisin agus dúirt sise: “I láthair na huaire, tá pobail ar fud lár na tíre ag dul i ngleic leis an tionchar a eascróidh as Éirinn a bheith ag éirí as móin a bhaint. Ní hamháin go bhfuil poist caillte acu ach tá a bhféiniúlacht caillte, in éineacht leis an bpobal a cruthaíodh trína gcuid oibre. Agus muid ag iarraidh dul i ngleic le fíordhúshláin an athraithe aeráide agus le géarchéim na bithéagsúlachta, tá an baol ann go bhfágfaimid inár ndiaidh na hoibrithe agus na pobail a thug solas isteach inár dtithe tráth dá raibh agus a chruthaigh neamhspleáchas cumhachta dár dtír óg. Le maoiniú ó Chiste Ghníomhú ar son na hAeráide Éire Ildánach, tá pobail atá i gcroílár an athraithe seo ag féachaint ar an oidhreacht a d’fhág ailtire amháin, Frank Gibney, againn chun inspioráid a fháil do thodhchaí a sráidbhailte.
“Ba bhealaí nua iad na scéimeanna tithíochta de chuid Frank Gibney chun tithíocht a raibh géarghá léi a chur ar fáil faoin tuath in Éirinn, agus tá siad suntasach ó thaobh a n-úsáid fhadtéarmach, dearaí ar leith, ionchorprú an spáis phoiblí, dlús, insiúltacht, agus beocht – is eiseamláirí feabhais iad ó thaobh pleanáil inbhuanaithe agus dearadh uirbeach.”
In 2022, tosóidh Sráidbhailte Oibrithe ag obair leis na cónaitheoirí i mBéal Átha Liag, Contae an Longfoirt agus i gCill Chormaic, Contae Uíbh Fhailí.