Tá d'aidhm ag Lumen cur le cúrsaí cultúir i Luimneach agus sa réigiún máguaird. Amharclannaíocht Sráide a chleachtann an compántas agus baintear leas as traidisiún tréan láidir Chathair Luimnigh i mbun na healaíne sin agus Lumen ag féachaint le spéis an phobail a chothú le taibhréimeanna don tsúil atá spleodrach, sainiúil, spreagúil agus iad suite i dtimpeallacht foirgníochta Luimnigh.
Is mian le Lumen athbheochan a dhéanamh ar chúrsaí ealaíne i measc phobal na háite trí chaidreamh a chothú le dreamanna den phobal agus ealaín a chruthú i gcomhar leo trí chláir caidrimh allamuigh, trí cheardlanna agus trí rannpháirtíocht an phobail, agus ealaín agus amharclannaíocht sráide den scoth a chur i láthair ar an leibhéal Náisiúnta agus Idirnáisiúnta. I rith na bliana 2019, le cistíocht faoi Éire Ildánach agus mar chuid den cheiliúradh trí lá ar Fhéile Phádraig Naofa i Luimneach, chuir an compántas amharclannaíocht sráide Lumen ‘Head in The Clouds’ i láthair.
Ó fhís agus réim na samhlaíochta a eascraíonn beartaíocht an duine
One Giant Leap a bhí de théama le Paráid Lá Fhéile Pádraig 2019 mar cheiliúradh ar chothrom 50 bliain ó leag Neil Armstrong cos ar an ngealach. Ba thagairt é freisin don athbheochan tréan leathanréimseach atá ar Luimneach le blianta anuas. Faoi spreagadh ón ngealach agus ó spéis an duine i lóchrann na hoíche, chuir an compántas amharclannaíochta Lumen roimhe réim samhlaíochta a chruthú lenar bhain fantaisíocht agus aislingíocht, mar shampla eitleán faoileoireachta de leithéid íomhánna Leonardo, balún aer te ó ré Victoria agus gluaisteán gealaí ag lúbarnaíl agus ag damhsa idir na réaltaí mar chuid de Pharáid na Féile Pádraig i Luimneach. Ar na Grúpaí Pobail a bhí páirteach i mbun saothar spleodrach ildaite den chineál seo a chruthú, bhí;
- Amharclann Óige Luimnigh
- Scoil an Tionscadail
- Ionad Óige an Iarthair
- Ionad Acmhainní Mheitheal Cniotála an Chnoic Theas
- Cró na bhFear
- Grúpa Pobail an tSlánaitheora Naofa