Harmony
Harmony an teideal atá ar Chlár AR de chuid BHP Insurances atá á eagrú i gcathair Luimnigh. Tar éis próiseas gairmscoile oscailte, roghnaíodh Máire Carroll, pianódóir coirme, chun oibriú le teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair. Tá Máire ag obair freisin le baill foirne de chuid BHP Insurances maidir le ceardlanna agus bearta eile atá bunaithe ar chur i láthair ealaíne agus ar ghnéithe den oideachas, iad ar fad á leagan amach ionas go gcothaítear tuiscint an cheoil agus taitneamh as an gceol ina measc sin uile a bhíonn i láthair.
Deir Máire Carroll:
Ó mhí Deireadh Fómhair 2019 i leith, tá mé páirteach i dtionscadal dar teideal ‘Harmony’ faoin gclár Business to Arts AR. Tá d’ádh orm go bhfuil Siobhán agus Áine in BHP Insurances ina gcrann seasta agam. Bhí siad i mo chuideachta ag na ceithre cheardlann tosaigh. Chuidigh an comhluadar agus an meon tairbheach atá acu leis an ngrúpa a tharraingt go dlúth le chéile ón tús.
Nuair a roghnaíodh mise anuraidh don chlár cónaithe seo, chuir sé an-ríméad orm. D’oibrigh mé ar thionscadail éagsúla i measc an phobail cheana a raibh dúshlán agus spleodar i gceist leo, ina measc: clár Chiste Ealaíne na nDugthailte agus an Cór ‘Raise Your Voice’ i gcomhar le Glyndebourne Opera. Is mór a bhíonn le baint as oibriú i measc an phobail agus tá oscailt súl agus spreagadh á bhaint agam go dtí seo as an seal cónaithe seo i Luimneach. Is breá an rud i gcónaí ag ealaíontóir an deis bualadh le comhghleacaithe nua agus oibriú leo i rith tréimhse cónaithe agus smaoineamh ar na modhanna is fearr chun dul i mbun ceoil leo.
Is pribhléid atá ann an spraoi agus an gliondar a bhaineann leis an gceol a chur ar a súile, agus ar a gcluasa, ag daoine eile agus is iontach an rud ag pianódóir de mo leithéid deis a fháil an pianó agus ceol an phianó a chur i láthair do lucht éisteachta nua. Tá pianó ingearach den déanamh Kawai curtha isteach i mol teaghlaigh agus ar ár gcumas dá bharr sin deis ar an gceol a thabhairt do theaghlaigh. Is breá liom an dóigh a n-oibríonn an pianó a mhíniú do leanaí, an chúis atá le troitheán a bhrú le do chois agus tú ag seinm a léiriú dóibh. Bíonn siad fiosrach i gcónaí, ceisteanna i ndiaidh a chéile acu. I gcás roinnt de na teaghlaigh i Luimneach, ba é seo an chéad uair acu ceol beo a chleachtadh, pianó a fheiceáil in aice láthair agus foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn sé.
Fanann cuimhne ghlé agam ar an gcéad seisiún a bhí againn, píosaí éagsúla á seinm agam ar an bpianó, dréacht le Bach, iomann, rann do naíonáin, amhrán as scannán le Disney agus eile. Níl srian ná teorainn leis an réimse ceoil is féidir a chur i láthair ar an bpianó. Tharla i rith an tseisiúin tosaigh sin gur iarr duine de na tuismitheoirí aiste ceoil de chuid Beethoven. B’álainn an rud a bheith in ann píosa ceoil ba chuimhin leo féin ó laethanta a n-óige a sheinm dóibh.
Bhí roinnt eolais ar an bpianó ag cuid de na tuismitheoirí agus ba mhór an chúis áthais dóibhsean deis eile a bheith acu foghlaim le píosaí ceoil a sheinm arís. Bhí tuismitheoirí áirithe a raibh ar a gcumas an beart céanna a dhéanamh le leanbh dá gcuid, an píosa céanna ceoil á fhoghlaim ag gach aon duine acu i gcuideachta a chéile. Gné speisialta den chlár a bhí ansin, nach raibh súil ar bith leis.
Tar éis na seisiúin tosaigh a chur dínn, tugadh uirlisí eile ceoil i gceist. Tugadh an veidhlín san áireamh chomh maith leis an gcorn Francach agus cuid mhór snaguirlisí éagsúla, mar shampla an xileafón, na ciombail agus drumaí na hAfraice, a raibh an-tóir orthu, agus an-ghleo astu! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ngáire a bhí as na leanaí agus iad ag féachaint ar an gceoltóir coirne ag seinm Happy Birthday trí phíobán. Chuir sin sceitimíní orthu. Agus, ar ndóigh, d’impigh siad uile air seans a thabhairt dóibh féin triail a bhaint as!
An pianó a chur i láthair na dteaghlach agus múineadh dóibh leis an bpianó a sheinm, b’shin príomhchuspóir an chláir ach díríodh freisin ar bhearta chun meon an ghrúpa a chothú i measc na ndaoine. Caitheadh seisiúin éagsúla le seó spleodrach Baby Shark a chruthú (arna roghnú ag na rannpháirtithe féin) le cleasa speisialta bualadh bos agus amhránaíocht. Cuidíonn sin le teaghlaigh misneach a chothú agus muinín a chur ina chéile ó thaobh an cheoil de. Chuidigh cluichí rithime le nasc dlúth a cheangal idir daoine. Ó tharla go mbíonn athrú ar líon na ndaoine a bhíonn i láthair ó sheisiún go chéile, níor mhór cúrsaí a choinneáil sochóirithe agus dul in oiriúint do chásanna éagsúla.
Sular tháinig COVID-19, bhí beartaithe agam leanúint leis na ceardlanna seo, tuilleadh ceoil a chur ar fáil agus leathnú le réimse ceoil na dteaghlach ar an bpianó. Táim ag tnúth go mór leis na ceardlanna a bheidh á reáchtáil le teaghlaigh in BHP Insurance agus a bhfuil foghlamtha go dtí seo againn ón mbeartaíocht i Luimneach a chur ina láthair sin freisin. Is fada liom go mbím ar ais i Luimneach arís níos faide amach sa bhliain ag leanúint leis an tréimhse cónaithe faoin gclár Harmony.
Clár Tréimhse Cónaithe
Rith Máire trí cinn de cheardlanna le teaghlaigh i Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair i rith mí Deireadh Fómhair agus mí na Samhna 2019 agus dhá cheardlann go dtí seo i rith na bliana 2020. Chomh maith leis na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i Mol na dTeaghlach, bhí cliaint pobail (teaghlaigh atá aistrithe amach as Mol na dTeaghlach ó shin ach a bhfuil dlúthcheangal i gcónaí acu leis an bhfoireann) páirteach sna ceardlanna chomh maith.
Baineann Máire leas as cluichí ceoil, amhránaíocht agus seinm an phianó agus uirlisí eile chun leanaí a spreagadh agus iad a chur ag obair le chéile. Iarrann Máire ar an ngrúpa amhrán a bhfuil eolas acu air nó a bhfuil eolas go coitianta air a roghnú agus bunaíonn sí ábhar na ceardlainne air sin ó tharla gur cabhair ag na leanaí maidir le dul i gcleachtadh an phianó agus na n-uirlisí eile eolas a bheith acu cheana féin ar an amhrán.
Beidh fuílleach na gceardlann le Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair agus BHP Insurances á reáchtáil roimh dheireadh na bliana 2020.