Dúirt Louise Allen, Ceann na gClár Nuálaíochta agus Forbartha ag DCCI,: “Tá ríméad ar Chomhairle Dearaidh & Ceardaíochta Éireann a bheith mar chuid den tionscnamh seo faoi stiúir an Rialtais. Is bealach iontach é chun tacú le réimsí an chultúir agus na cruthaitheachta le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Tá sé mar aidhm ag Get Ireland Making na scileanna agus na buanna atá ag ceardaithe agus ag dearthóirí na hÉireann a thabhairt díreach isteach inár dtithe.’
Agus muid ag obair in éineacht lenár gcomhpháirtithe sa Rialtas, le RTÉ agus le heagraíochtaí cultúir eile, chuir sé lúcháir orainn a bheith ag faire ar an gclár GetIrelandMaking ag forbairt le físeáin d’imeachtaí speisialta ar nós Cruinniú na nÓg, taispeántas Generation an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, Mí Ceardaíochta Chorcaí agus Seachtain na hOidhreachta. Tá sé mar aidhm ag an DCCI leanúint ar aghaidh ag tacú le héiteas Get Ireland Making trínár gceardaithe a chur ar taispeáint agus tacaíocht a thabhairt dóibh trí chomhoibriú leo sa todhcaí agus nascadh isteach lena bpríomhimeachtaí chun an tionscnamh a chur chun cinn tuilleadh agus lucht féachana nua a shroicheadh.
Mar gheall ar Get Ireland Making, tá fáil ag muintir na hÉireann anois ar go leor físeán teagaisc agus acmhainní d’oideachasóirí gur féidir breathnú orthu arís agus arís eile agus cuirfear an pobal, na múinteoirí, na ceardaithe agus na glúnta ceardaithe atá le teacht ar an eolas agus coinneofar iad gafa sna blianta amach romhainn.
Faigh tuilleadh eolais faoi Let’s Get Ireland Making anseo.