Skip to main content
Solstice Meath Arts Centre


Nuacht

Fógraítear infheistíocht mhór in ionaid ealaíon agus chultúrtha náisiúnta

Rinneadh an fógra mar chuid den chlár Éire Cruthaitheach, agus maoiniú á thabhairt faoi Scéim Chaipitil Ealaíon agus Cultúir na Roinne 2016-2018.

Rinneadh an fógra mar chuid den chlár Éire Cruthaitheach, agus maoiniú á thabhairt faoi Scéim Chaipitil Ealaíon agus Cultúir na Roinne 2016-2018.

Bainfidh 56 eagraíocht chultúrtha ar an iomlán leas as an infheistíocht chaipitil sin, lena n-áirítear amharclanna, ionaid oidhreachta, gailearaithe, cartlanna, ionaid ealaíon chomhtháite, stiúideonna ealaíontóirí agus spásanna cruthaitheacha agus léirithe.

Gheobhaidh seacht dtionscadal shuaitheanta leithroinntí maoinithe substaintiúla:

• Solstice Arts Centre sa Mhí – €300,000
• The Irish Arial Creation Centre (áit Fidget Feet) – €350,000
• Músaem Hunt, Luimneach – €400,000
• Téatar The Hawk’s Well i Sligeach – €550,000
• Amharclann an Chabháin – €750,000
• The Riverbank Arts Centre, Cill Dara – €1,000,000
• Ionad Ealaíon Loch Garman – €1,000,000

Gheobhaidh 49 tionscadal eile maoiniú idir €20,000 agus €276,000.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is é an fógra €9 milliún seo an infheistíocht is suntasaí in ionaid ealaíon agus chultúrtha réigiúnacha le deich mbliana anuas. Díríonn an Clár Éire Chruthaitheach ar infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar cultúrtha, toisc go bhfuil bonneagar ar ardchaighdeán ríthábhachtach le haghaidh earnáil ealaíon agus chultúir atá beo bríomhar, rud a bhíonn mar bhonn is mar thaca dá réir sin ag comhtháthú sóisialta agus a thacaíonn le fás geilleagrach inbhuanaithe.

Rinneamar an scéim seo chomh solúbtha agus a d’fhéadamar d’aon turas lena chinntiú go mbainfeadh tionscadail de mhéideanna éagsúla tairbhe aisti. Tá na deontais maoinithe is mó – €1 mhilliún an ceann – ag dul go hIonad Ealaíon Loch Garman agus an Riverbank Arts Centre i gCill Dara. Bainfidh lear mór tionscadal eile tairbhe as freisin áfach lena n-áirítear córais nua soilsithe agus fuaime in amharclanna, déanfar stiúideo d’ealaíontóirí as sean-Oifig Phoist agus cuirfear feabhas ar shaoráidí digiteacha. Beidh sé mar chuspóir ag na tionscadail sin taithí an lucht féachana agus an taithí chruthaitheach a fheabhsú. Cinnteofar freisin leis an bpacáiste maoinithe seo go ndéanfar infheistíocht roimhe seo sna hionaid ealaíon agus chultúrtha seo a chosaint agus a choimeád.”

Feic liosta iomlán na ndeontas a bronnadh thíos.

Eagraíochtaí a bhainfidh leas as an maoiniú nua caipitil:

An Cabhán

Townhall Cavan / Cavan Arts & Culture Centre Ltd, deontas €750,000 bronnta

An Clár

Glór, deontas €37,029 bronnta

Corcaigh

Firkin Crane Ltd, deontas €150,000 bronnta

Corcaigh

The Everyman Palace Ltd, deontas €155,463 bronnta

Corcaigh

Wandesford Quay Ltd (WQL), deontas €90,842 bronnta

Corcaigh

Comhairle Contae Chorcaí / Briery Gap, deontas €250,000 bronnta

Corcaigh

Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí (DAC), deontas €176,288 bronnta

Dún na nGall

Abbey Arts and Cultural Centre, deontas €164,785 bronnta

Dún na nGall

Amharclann an Ghrianáin, deontas €46,420 bronnta

Dún na nGall

Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, deontas €27,962 bronnta

Dún na nGall

Lifford Association Tourism Commerce & Heritage Limited (LATCH), deontas €215,753 bronnta

Baile Átha Cliath

A4 Arts Studio & Community Education Centre Limited, deontas

€22,800 bronnta

Baile Átha Cliath

Civic Theatre Company Limited, deontas €132,280 bronnta

Baile Átha Cliath

Draíocht, deontas €47,730 bronnta

Baile Átha Cliath

Fire Station Artists’ Studios, deontas €30,643 bronnta

Baile Átha Cliath

First Fortnight Ltd, deontas €20,560 bronnta

Baile Átha Cliath

Fund It, deontas €21,250 bronnta

Baile Átha Cliath

Gallery of Photography Ireland, deontas €24,963 bronnta

Baile Átha Cliath

Institiúid Scannán na hÉireann, deontas €149,801 bronnta

Baile Átha Cliath

Irish Georgian Society, deontas €90,000 bronnta

Baile Átha Cliath

National Irish Visual Arts Library (NIVAL), deontas €120,000 bronnta

Baile Átha Cliath

Músaem Náisiúnta Muirí na hÉireann, Foras Muirí na hÉireann, deontas €49,705 bronnta

Baile Átha Cliath

Pavilion Theatre Management Co. Ltd, deontas €149,855 bronnta

Baile Átha Cliath

Project Arts Centre, deontas €260,485 bronnta

Baile Átha Cliath

The Ark t/a The Children’s Cultural Centre Ltd, deontas €130,429 bronnta

Baile Átha Cliath

The MART Gallery Ltd, deontas €34,825 bronnta

Gaillimh

Músaem Cathrach na Gaillimhe, deontas €180,280 bronnta

Gaillimh

Glenamaddy Arts & Historical Co-Op Society Ltd, deontas €50,000 bronnta

Gaillimh

Amharclann na Cathrach, deontas €118,129 bronnta

Gaillimh

Yeats Thoor Ballylee Development Ltd, deontas €22,000 bronnta

Ciarraí

Ionad Cultúrtha Chiarraí/Comhairle Contae Chiarraí, deontas €120,320 bronnta

Cill Dara

Riverbank Arts Centre, deontas €1,000,000 bronnta

Cill Chainnigh

The Watergate Theatre, deontas €81,858 bronnta

Liatroim

North Leitrim Glens Development Company Ltd, deontas €50,000 bronnta

Liatroim

The Dock/Comhairle Contae Liatroma, deontas €128,337 bronnta

Luimneach

Irish Arial Creation Centre, deontas €350,000 bronnta

Luimneach

Dance Limerick Hub CLG, deontas €75,015 bronnta

Luimneach

Lime Tree Theatre Limerick Limited, deontas €45,232 bronnta

Luimneach

Dánlann Chathair Luimnigh, deontas €125,850 bronnta

Luimneach

The Hunt Museum Ltd, deontas €400,000 bronnta

Maigh Eo

Custom House Studios, deontas €43,274 bronnta

Maigh Eo

Bailiúchán Jackie Clarke, deontas €24,300 bronnta

Maigh Eo

Linenhall Arts Centre Co Ltd, deontas €42,000 bronnta

An Mhí

Meath Arts Centre (Solstice)/Comhairle Chontae na Mí, deontas €300,000 bronnta

Muineachán

Inniskeen Development Group Ltd, deontas €188,636 bronnta

Muineachán

Sean-Oifig Phoist Chluain Eois/Comhairle Contae Mhuineacháin, deontas €144,077 bronnta

Uíbh Fhailí

Birr Stage Guild Ltd., deontas €32,844 bronnta

Ros Comáin

Ionad Ealaíon Ros Comáin, deontas €276,615 bronnta

Sligeach

Hawk’s Well Theatre, deontas €550,000 bronnta

Tiobraid Árann

Blackcastle Theatre Company, deontas €23,000 bronnta

Tiobraid Árann

The Source Arts Centre, deontas €68,000 bronnta

Port Láirge

Barker Arts Centre t/a, deontas €54,000 bronnta

An Iarmhí

Dean Crowe Trust, deontas €113,772 bronnta

Loch Garman

Ionad Ealaíon Loch Garman/Comhairle Contae Loch Garman, deontas €1,000,000 bronnta

Cill Mhantáin

Mermaid Arts Centre, Contae Chill Mhantáin, deontas €36,036 bronnta

Cill Mhantáin

Tinahely Courthouse CLG t/a The Courthouse Arts Centre, deontas €28,000 bronnta

An tIomlán a Bronnadh – €9,021,444

Stay up to date

×