Skip to main content


Nuacht

Fógraítear na chéad Chomhaltaí Fulbright-Éire Ildánach

Déanfaidh na hiarchéimithe Éireannacha taighde ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an luibheolaíocht seandálaíochta nuair a théann siad chun na Stát Aontaithe an Meán Fómhair seo.

Is deis iontach é seo iniúchadh a dhéanamh ar acmhainn na cruthaitheachta, an fhiosraithe eolaíochta, agus chaomhnú oidhreachta trí thaighde comhoibrithe úrnua a dhéanamh. Fógraíodh Sally McHugh agus David Stone mar na chéad Chomhaltaí Fulbright-Éire Ildánach.

Gach bliain faoin gClár Fulbright, freastalaíonn mic léinn, acadóirí agus gairmithe ó Éirinn agus ón Eoraip ar an 33 institiúid is fearr sna Stáit Aontaithe chun taighde a dhéanamh agus chun dul i mbun oibre le saineolaithe ina gcuid réimsí. Bhí an Clár Fulbright an-tábhachtach in Éirinn do thaighde comhoibríoch trasatlantach ar feadh níos mó ná 60 bliain.

Is deis iontach é bunú Chomhaltacht Fulbright-Éire Ildánach – comhaltaí taighde gearr-théarma do mhic léinn iarchéime Éireannacha ag trí cinn de na músaeim is fearr sna Stáit Aontaithe – dá chéad chomhaltaí. Cuireadh an maoiniú ar fáil faoi Chlár Éire Ildánach i gcomhar le Coimisiún Fulbright.

Cuirfear tús leis an gcomhaltacht sa bhliain acadúil 2018-19 agus beidh sí ar siúl ar feadh ceithre bliana. Beidh ar na tionscadail taighde a roghnaíodh tiomantas do nuálaíocht agus do chruthaitheacht a léiriú agus caithfidh an pobal a bheith rannpháirteach iontu chomh maith.

Cuirfear tús leis an gcomhaltacht sa bhliain acadúil 2018-19 agus beidh sí ar siúl ar feadh ceithre bliana. Beidh ar na tionscadail taighde a roghnaíodh tiomantas do nuálaíocht agus do chruthaitheacht a léiriú agus caithfidh an pobal a bheith rannpháirteach iontu chomh maith.

Tabharfaidh Sally McHugh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcomhaltacht in ‘The Exploratorium: The Museum of Science, Art and Human Perception’ in San Francisco. Tá BA sa tSeandálaíocht & Teicneolaíocht Faisnéise ag Sally agus MA sna Meáin Dhigiteacha, agus mar Chomhalta Músaeim de chuid Fulbright-Éire Ildánach, tabharfaidh sí faoi thionscadal foghlama áit-bhunaithe taobh istigh d’Fhaireachlann Fisher Bay de chuid The Exploratorium. Díreofar ar conas a théann óige na cathrach i ngleic le rudaí atá ‘áitiúil’ agus rudaí cultúrtha agus nádúrtha ina measc, ina tionscadal ‘A Sense of Place’.

Is Comhalta Músaeim de chuid Fulbright-Éire Ildánach in The Smithsonian Institution, Washington DC, é David Stone ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá David sa dara bliain dá dhochtúireacht le Rialtas na hÉireann agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn ag an Scoil Seandálaíochta ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá BA agus MSt ag David sa tSeandálaíocht chomh maith. Díreofar ar ábhar luibheolaíochta ó thochaltáin san Asarbaiseáin idir an 6ú agus an 15ú haois ina thaighde. Le linn na comhaltachta déanfaidh David taighde ag ‘The Smithsonian’s Department of Anthropology’ agus úsáidfidh sé teicnicí a úsáidtear sna músaeim idirnáisiúnta is fearr i gcomhair choimeádaíocht agus chartlannú digiteach iarsmaí luibheolaíochta.

Is cuid thábhachtach é clú na hÉireann ar fud an domhain de Chlár Éire Ildánach, cruthaíonn Comhaltacht Fulbright-Éire Ildánach an seans líonraí cruthaitheachta spreagúla nua a chothú agus tugtar deis do na comhaltaí roghnaithe feiceáil conas a dhéanann tíortha eile taighde, conas a thuigeann siad an taighde sin agus conas a dhéantar caomhnú i réimsí éagsúla. Neartóidh an obair a dhéanfaidh Sally agus David caidrimh idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe i gcomhair comhoibrithe cruthaitheachta agus nuálaíochta sa todhchaí.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×