Cuireadh tús leis an tionscadal i mí na Bealtaine 2024, lena dtugtar ionaid óige ón dá thaobh de theorainn na hÉireann le chéile le haghaidh sraith malartuithe dinimiciúla. I gcaitheamh tréimhse cúig mhí, ghlac 21 rannpháirtí óg ó Ionad Óige SWAN Bhaile Átha Cliath agus Ionad Pobail & Áineasa Shaftesbury agus New Lodge Arts Bhéal Feirste páirt i gceardlanna cruthaitheacha agus i ngníomhaíochtaí comhoibríocha atá leagtha amach chun go mbeidís ábalta cathracha a chéile a thaiscéaladh ó dhearcthaí a chéile.
Cuireadh tús leis an gclár malairte le turais thumthacha go dtí an dá chathair, arna éascú go sainiúil ag foireann Prime Cut, faoi stiúir Bobbi-Rai Purdy. Le linn na malartuithe sin, chaith na daoine óga lá i ngach aon chathair, ag obair i gcomhar leis na healaíontóirí amharclainne agus scannáin Matt Faris agus Rhiann Jeffrey chun clár faisnéise gairid a dhéanamh inar tugadh léargas ar a gcuid smaointe ar an saol uirbeach, ar fhreagracht shibhialta, agus ar thaithí chomhroinnte daoine óga i suíomhanna éagsúla.
Neartaíodh an tionscadal i ndiaidh Chruinniú na nÓg 2024 nuair a eagraíodh turas cónaithe chuig Share Discovery Village i gContae Fhear Manach. Chuir an deis sin ar chumas an ghrúpa imeacht ón gcathair scaitheamh agus iad féin a bhá sa nádúr. Chruthaigh na rannpháirtithe óga clár faisnéise eile le linn an turais sin, clár ina ndearnadh iniúchadh ar ról an dúlra ina bhfolláine agus ar an tábhacht a bhaineann le maoirseacht ar an timpeallacht.
Taispeánfar an dá scannán den chéad uair ag ócáid chlabhsúir i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana seo trína dtabharfar deis do dhaoine óga an méid atá foghlamtha acu agus an taithí atá faighte acu a roinnt lena gcairde agus lena dteaghlaigh. Is ionann an taispeántas sin agus clabhsúr le turas a bhí cumhachtach do gach duine a raibh baint aige leis.
Is léir go raibh an-tionchar ag an turas cúig mhí ar gach lenar bhain. Léirigh na rannpháirtithe díograis agus tiomantas le linn an phróisis, rud a chothaigh naisc mharthanacha trasna na teorann. Trí ionbhá, cruthaitheacht agus eispéiris chomhroinnte, ní hamháin gur chuir an tionscadal lena dtuiscint ar chúrsaí an tsaoil ach chuidigh sé freisin le caidrimh níos láidre a chothú idir daoine óga Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste.
Sleachta athfhriotail:
“Tá mé níos muiníne ag labhairt le daoine nua anois ó tharla gur casadh na daoine nua seo go léir orm. B’iontach an deis a bhí ann agus is fada liom tuilleadh a dhéanamh.”
“D’fhoghlaim mé gur cheart dom féachaint ar an scéal iomlán, agus nasc a chothú leis an domhan mórthimpeall, gan bheith ag cuimhneamh orm féin an t-am ar fad ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn ar dhaoine eile aghaidh a thabhairt orthu ar feadh tamaill.”