Skip to main content


Nuacht

Cuirtear tús le tionscadal an Dinnseanchais.

Scroll
4 min read

Cuirtear tús le tionscadal an Dinnseanchais.

4 min read

19/07/24

Cuirtear tús le tionscadal an Dinnseanchais.

Tá tionscadal an Dinnseanchais ag cur de chúram ar ghrúpa ealaíontóirí oibriú le téamaí deacra mar chaillteanas bithéagsúlachta, polasaí agus cleachtas talmhaíochta, agus tacú le próiseas samhlaíochta a chuimsíonn tuairimí phobail sléibhe. Ní dúshlán beag é seo, agus tá lúcháir orainn grúpa ealaíontóirí iontach cumasach a bheith ag obair ar an tionscadal.

Chun eolas a thabhairt dóibh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu chun aghaidh a thabhairt ar na téamaí seo, agus freisin mar bhealach chun aithne a chur ar a chéile agus an tionscadal a thosú, tháinig foireann iomlán an tionscadail le chéile i nGleann Chárthaigh, Co. Chiarraí le haghaidh seachtain chónaithe thumhtach. Is suíomh iontach é The Climber’s Inn – te, fáilteach, agus suite i measc cuid de na sléibhte is airde in Éirinn. Thosaigh monabhar comhrá gan mhoill agus níor tháinig deireadh leis go dtí gur fhág muid Dé hAoine, lán le brí.

I dteannta an ghrúpa ealaíontóirí bhí an meantóir tionscadail Jennifer Ahern, an scríbhneoir cónaithe Grace Wells, an comhairleoir tionscadail David Teevan, agus páirtithe leasmhara áitiúla agus baill den phobal (tá moladh ar leith ag dul do Mary McGillicuddy ó Quiet Adventures a d’fhreastail ar bheagnach gach imeacht). Thacaigh intéirneach Hometree Hannah Griffey le ceannairí an tionscadail Ray Ó Foghlú agus Lucy Taylor.

Ar dtús, bhí an stór focal agus an buneolas ag teastáil uainn chun an tírdhreach sléibhe a thuiscint. Thug an t-éiceolaí Jack O’Donovan Trá treoir dúinn maidir leis seo, agus labhair sé linn faoi ghnáthóga, mar shampla ‘móinteach fliuch’ agus ‘bratphortach’ agus roinnt de na hainmhithe carasmatacha ar na sléibhte lena n-áirítear an crotach goir atá i mbaol mór.

Tar éis féachaint ar dhomhan an dúlra, cuireadh tús leis an gcéad mhaidin le réamhrá faoi chomhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch shléibhte na hÉireann. Chuir an tíreolaí sóisialta, Breandán Ó Caoimh, réaltacht ghéar na bochtaineachta in go leor pobal sléibhe in iúl dúinn chomh maith lena bpróifíl aosaithe agus an easpa fostaíochta lánaimseartha. Phléigh sé an tábhacht a bhaineann leis an talmhaíocht, agus na dúshláin a chuirtear roimh cheantair na Gaeltachta. Ansin roinn Catriona Foley ó Theagasc a taithí ag obair le feirmeoirí i Sléibhte an Chomaraigh agus a dtionscadal nuálaíochta a d’fhéach ar fheirmeoirí a oiliúint i mbainistíocht gnáthóige, agus ina ndearnadh ceiliúradh freisin ar oidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha shléibhte an Chomaraigh. Chas Caitlín Breathnach linn chun léargas a thabhairt dúinn ar Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh, a oibríonn chun teaghlaigh agus seirbhísí tacaíochta a choinneáil agus a mhealladh go dtí ceantair Ghaeltachta dheisceart Chiarraí. Chuir na scéalta seo faoi réitigh ón mbonn aníos agus faoi stiúir an phobail dóchas agus inspioráid a raibh géarghá leo ar fáil in éineacht le cur i láthair na mbeartais feirmeoireachta casta agus ceisteanna dúshlánacha ar nós athruithe aeráide a léirigh Dervla McAuley ón EPA dúinn agus na beartais a chuir an Speisialtóir Foraoiseachta Tom Houlihan agus Bainisteoir Tionscadail ACRES do Chiarraí agus Iarthar Chorcaí, Patricia Deane i láthair dúinn.

Above:

Tar éis comhrá suntasach le hOifigeach Caomhantais de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, ba léir go bhfuil dúshláin chomhchosúla le sárú acu d’fheirmeoirí maidir le bheith faoi thionchar athruithe beartais, athruithe buiséadacha, agus na héiginnteachta a chruthaíonn rialtais agus airí a bhíonn ag athrú.

Chuir Mike O’Shea fáilte mhór romhainn le haghaidh turas timpeall a fheirme, nó ar a laghad an píosa beag de a raibheamar in ann a fheiceáil trí cheo trom. Tá Mike ar dhuine de na feirmeoirí a óstálann clár Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí, a théann chun tairbhe do chách, dar leis. Meaitseálann an clár daoine fásta le riachtanais bhreise le feirmeoirí a óstálann rannpháirtí ar feadh lá nó dhó sa tseachtain. Tá an clár go hiomlán deonach agus mar sin is buntáistí sóisialta amháin a bhíonn i gceist – déantar na rannpháirtithe a imeascadh leis an bpobal agus nochtar iad d’eispéiris nach mbeadh acu in ionaid lae. Faigheann na feirmeoirí a óstálann rannpháirtithe oiliúint, tacaíochtaí agus bíonn siad mar chuid de líonra ar fud an chontae.

Chuala muid freisin ó fheirmeoir a ghlac páirt sa chlár athbhunaithe don iolar bán i gCiarraí. Rinne sé cur síos ar na deacrachtaí a bhaineann le meon na ndaoine áitiúla a athrú, iad a thabhairt isteach sa tionscadal, agus tacaíocht a fháil ó phobail amhrasacha. Sonraíodh na prionsabail seo freisin i gcur i láthair ón mac léinn dochtúireachta antraipeolaíochta Jennifer Ahern agus i gceardlann ina dhiaidh sin leis an gcomhairleoir ealaíon David Teevan.

Chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar na téamaí reatha seo, leanamar téama an Dinnseanchais agus muid ag fiosrú oidhreacht shaibhir agus stair shléibhte na hÉireann féachaint cad a d’fhéadfaimis a fhoghlaim agus muid ag breathnú ar an todhchaí. Thug an t-éiceolaí Patrick Crushell turas an-liteartha siar in am dúinn agus é ag tarraingt samplaí aníos ó níos mó ná 2 mhéadar ar doimhneacht i bratphortach Dhrom an Longfoirt. Agus an grúpa ag preabadh ar dhromchla báite an phortaigh agus ag foghlaim faoin gcaonach sfagnaim, faoi phlandaí feoiliteacha, agus faoi sheirbhísí carbóin tógtha ar láimh phortaigh shláintiúla, bhí sé dochreidte an mhóin a leagadh na mílte bliain ó shin a fheiceáil agus cos a leagan uirthi. Thug Eugene Costello, staraí comhshaoil, muid ar aghaidh ansin in am go dtí an 17ú agus 18ú haois agus na traidisiúin a bhaineann le ‘buailteachas’, ba ag innilt sna sléibhte agus i gcoillearnacha, agus trí chleachtais agus tírdhreacha athraitheacha feirmeoireachta na gcéadta bliain roimhe sin.

Bhí an tseachtain dúshlánach ó thaobh meabhrach de, ach bhí sí spreagúil freisin ó thaobh líon na smaointe, na gcomhráite agus na gceangal a cruthaíodh. Is léir nach bhfuil ár staid reatha ag obair do na sléibhte – tá gnáthóga sláintiúla, slite beatha, pobail agus oidhreacht ag creimeadh go tapa. Is cinnte go bhfuil eagna ag baint le breathnú ar an am atá thart agus ar an talamh féin le haghaidh treorach agus muid ag dul ar aghaidh, ach is léir freisin go mbeidh orainn dul i ngleic le cásanna nach bhfacthas riamh cheana a mbeidh scéalta nua, teanga nua, agus bealaí nua tuisceana agus oibriú lena chéile ag teastáil uathu.

Cé go bhfuil a fhís féin ag Hometree, is léir freisin go bhfuil go leor tuairimí agus físeanna ann do shléibhte na hÉireann. Is é an tasc atá anois ag ár ngrúpa ealaíontóirí ná éisteacht leis na tuairimí seo agus cuid acu a fhí le chéile agus iad ag freagairt go cruthaitheach do mhiondifríochtaí agus riachtanais na n-áiteanna leochaileacha ríthábhachtacha seo.

Grianghraf le caoinchead ó: Myriam Riand (@myriamdelirium)

Stay up to date

×