Skip to main content
Children Arts and Crafts


Nuacht

Cruinniú na nÓg: Cad atá ar siúl i Laighean?

Faigh amach faoin spraoi cruthaitheach go léir a bheidh ar siúl i Laighean le haghaidh Chruinniú na nÓg ar an 23 Meitheamh.

I gceann díreach cúpla lá, beidh splanca spleodracha, siamsúla scaipthe an spraoi chruthaithigh ag réabadh ar fud na tíre. Agus cé a chruthóidh na splanca sin? Na leanaí agus na daoine óga atá chun taitneamh a bhaint as an gcéad Chruinniú na nÓg!

Agus tacaíocht acu ó RTÉ agus Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, ar an 23 Meitheamh beidh gach contae, cathair, baile agus sráidbhaile ar bís le taibhléiriú, códú, téatar, ealaíon, ceol, léamha, léirithe, imeachtaí speisialta agus go leor eile. Le Cruinniú na nÓg, lá bríomhar de rannpháirtíocht na n-óg, ceiliúrtar leanaí agus daoine óga agus spreagtar dóibh taithí cheart a fháil ar an gcultúr agus an gcruthaitheacht.

Má tá cónaí ort i Laighean, seo díreach roinnt gníomhaíochtaí agus imeachtaí áitiúla, saor in aisce ar féidir leat taitneamh a bhaint astu:

Let’s go fly a kite… i gCeatharlach! Beidh ceardlanna iontacha ar dhéanamh eitleoige ar féidir bualadh isteach chucu, ar siúl i mBaile Cheatharlach. Agus le haghaidh déantóirí óga scannán, sa Cheardlann ar Scannán iPad beidh Spielbergs óga ag obair le chéile ar script, déanfaidh siad cleachtadh, déanfaidh siad píosa scannánaíochta agus cuirfidh siad an scannán in eagar.

I gCathair Bhaile Átha Cliath, tá an gníomhaí ceannródaíoch agus spreagúil Sinéad Burke chun ‘Baile Nua Cliath’, caint idirghníomhach do dhaoine faoi bhun 12 bhliain d’aois, a óstáil. Nó is féidir leat breathnú ar réalta na todhchaí agus Unsung Youth – scríbhneoirí amhrán agus ceoltóirí sna déaga, grúpa den chéad scoth as Familibase agus Coláiste na Coille Móire – ag déanamh ceoil i gcomhar lena chéile.

I nDún-Laoghaire-Ráth an Dúin, beidh an dllr LexIcon beo bríomhar le ceardlanna spraíúla ar Lego agus scileanna sorcais. Nó is féidir cúpla steip a dhéanamh i ranganna rince Bollywood.

I nDomhnach Bat, Fine Gall, beidh ceardlanna amharcealaíon ar féidir bualadh isteach chucu, scéalta ó áiteanna i bhfad i gcéin agus Reuben an siamsóir chun aigní óga a choimeád spreagtha.

I mBaile Átha Cliath Theas, is féidir taitneamh a bhaint as an bhfocal labhartha agus ceol ó dhaoine óga áitiúla le Order/Response i dTamhlacht. Agus is féidir le páistí óga a scíth a ligean ag ceardlanna ceoil luathóige ar fud Bhaile Uí Ruáin, Chluain Dolcáin agus Thamhlachta chomh maith. Éalaigh ó imní an tsaoil le rithim an cheoil traidisiúnta i Leabharlann an Teampaill Ghil, Ráth Fearnáin, a bhuíochas do Music Generation Bhaile Átha Cliath Theas agus Chill Mhantáin.

Is féidir le Lillywhites Chill Dara bheith fiáin le ceardaíocht nádúrtha agus traidisiúnta bunaithe ar théama na coille i nDíseart Diarmada; Féile Ealaíon Lár an tSamhraidh sa Nás agus spraoi cruthaitheach i Léim an Bhradáin a bheidh oiriúnach do pháistí a bhfuil ASD orthu.

I gCill Chainnigh, beidh daoine óga in ann triail a bhaint as aisteoireacht agus léiriú, dul i mbun tógála i gceardlanna Lego agus fiú cabhrú lenár bpailneoirí óstáin fheithide a thógáil!

Is féidir le páistí i Laois iad féin a thumadh i gceardlanna ealaíne agus sorcais, maisiú cístíní cupa, déanamh scéithe agus go leor eile ag an bhféile iontach Féile na nDúnta i bPort Laoise.

Dóibh siúd ar maith leo an rac, is é An Longfort an áit is fearr agus Scoil Raic an Longfoirt agus an t-amhránaí/giotáraí atá ag teacht aníos, Katie Gallagher ag teacht le chéile le haghaidh rac-cheoil bheo agus ceardlann. Nó is féidir foghlaim faoi dhomhan Shióga na gCrann le scéalaíocht agus drámaíocht dhraíochtach.

, d’fhéadfá foghlaim faoin ngraifítí i gceardlanna cruthaitheacha i nDún Dealgan nó le roinnt scéalaíochta fíorspéisiúla i Leabharlann Dhroichead Átha.

Beidh gáire le cloisteáil sa Mhí a bhuíoch do ghreann-drámaíocht idirghníomhach na Fanzini Brothers. Agus spreagfar samhlaíocht na n-óg le léiriú de Me & Molly & Moo leis an drámadóir Deirdre Kinahan, a bhfuil duaiseanna bainte aici.

Bíodh na fóin chliste in aice láimhe in Uíbh Fhailí le haghaidh cheardlann grianghrafadóireachta Paul Moore i Leabharlann na Tulaí Móire. Nó faigh spreagadh ealaíne ó na réalta os ár gcionn le haghaidh cheardlanna ealaíne agus réalteolaíochta Deirdre Kelleghan.

Lúb do chuid matán san Iarmhí le taispeántas an Mhuilinn Chearr dá chuid damhsóirí áitiúla tréitheacha ag Dance Delirium. Nó bain taitneamh as oíche bhríomhar ceoil, amhránaíochta agus damhsa arna léiriú ag an ngrúpa óige den scoth i nDroichead Chaisleán Loiste.

Téigh siar cúpla céad bliain i Loch Garman le turais threoraithe speisialta de Dhún Dhún Canann le haghaidh páistí óga agus déagóirí. Beidh spiorad Chruinniú na nÓg le brath le spraoi, imeachtaí lae, agus ceardlanna ar ealaín, cheardaíocht, podchraoladh raidió, colláis, Lego agus beochan chomh maith.

Beidh Gairdín na hÉireann faoi bhláth le gníomhaíocht a chuimseoidh meascáin den chruthaitheacht agus den tseandálaíocht i gCeann Bhré le tóraíocht taisce, déanamh bonn agus déanamh dearaí leathair ón Meánaois. I nGaol Chill Mhantáin beidh uair an tsonais le haghaidh teaghlach agus tá go leor scéalta agus eachtraí le teacht i dTeach Cúirte Thigh na hÉille ina mbeidh síscéalta, déanamh masc agus léirithe.

Níl anseo ach blaiseadh beag den mhéid a bheidh ar siúl i Laighean le haghaidh Chruinniú na nÓg, faigh amach faoi imeachtaí i do cheantar féin agus taispeáin an spraoi atá ar siúl agat ar na meáin shóisialta agus úsáid á baint as an haischlib #MyCruinniu

Cruinniú na nÓg Réamhamharc

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×