Agus muid ag breathnú chun cinn chuig todhchaí Óige Ildánach tar éis 2022, thug an chomhdháil deis mhachnaimh agus deis mheastóireachta dúinn chun na chéad chéimeanna eile a mheas agus a chinntiú go bhfuil gach atá á sholáthar againn, d’fhonn a chinntiú go mbeidh teacht ag daoine óga ar imeachtaí cruthaitheacha agus ar ghníomhaíochta foghlama, cuimsitheach agus go n-imreoidh siad tionchar.
Bhí dreamanna éagsúla atá bainteach le tionscnaimh a fhaigheann tacaíocht ó Óige Ildánach páirteach sa phainéal plé a bhí againn ar 13 agus 15 Aibreán– mar shampla na cláir Scoileanna Cruthaitheacha agus Braislí Cruthaitheacha, Music Generation, Comhpháirtíochtaí Áitiúla Chruthaitheacht na hÓige, Narrative 4 agus Youth Theatre – agus thug siad léargas fíorluachmhar ar an tionchar a d’imir Plean Óige Ildánach go dtí seo.
Má chaill tú na díospóireachtaí painéil seo is féidir leat féachaint siar orthu anseo:
Óige Ildánach sa chóras Oideachais
Óige Ildánach sa Phobal
Déardaoin 13 Bealtaine, chuir an Taoiseach Micheál Martin tús leis an ócáid dheireanach “Creativity – the connection to the future, now” agus aird á tharraingt ar an gcaoi a mbeidh an tsochaí amach anseo ag brath ar ár gcumas a bheith cruthaitheach agus samhlaíoch, fadhbanna a réiteach, oibriú i bpáirt le chéile agus oibriú go trialach agus smaoineamh ar bhealach coincheapúil.
Agus ar ndóigh, seo atá i gceist le hÓige Ildánach – tionscadail inspioráideacha a oibríonn ar shamhlaíocht na ndaoine óga, agus a thugann an mhuinín dóibh a dtodhchaí féin a chruthú agus comhoibriú chun a dtimpeallacht a chruthú, a chur chun cinn ar scoil agus taobh amuigh den scoil.
Chomh maith le hionchur ó na painéil éagsúla ar a raibh saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, labhair siad seo a leanas ag an gcomhdháil freisin- an tAire Oideachais, Norma Foley, An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Comhtháthú & Leanaí, Roderic O’Gorman agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt & Meáin, Catherine Martin.
Rinne an tAire Martin a machnamh ar an teachtaireacht an-soiléir a tháinig ón gcomhdháil – go gcaithfimid mar shochaí smaoineamh ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na ndaoine óga, go háirithe agus muid ag teacht amach as paindéim COVID-19. Dúirt an t-Aire nuair a aithnítear a thábhachtaí atá an chruthaitheacht do shláinte agus d’fholláine gach duine óg, go gcaithfimid cabhrú leo tabhairt athuair faoi na caithimh aimsire chruthaitheacha – chomh maith le caidreamh a chothú arís lena bpiaraí.
Is féidir féachaint siar ar an gcomhdháil anseo:
Cruthaitheacht – an ceangal leis an todhchaí, anois
Níos tábhachtaí fós, theastaigh uainn freisin éisteacht leis an méid a bhí le rá ag na daoine óga faoin gcaoi ar smaoinigh siad agus ar mhothaigh siad faoin gcruthaitheacht – agus an chaoi a bhféadfadh sé cabhrú leo, ar scoil, ina bpobal agus sa bhaile.
Thug ár gcomhpháirtithe sna trí Comhpháirtíocht Áitiúil d’Óige Ildánach agus Beech Hill College i Muineachán, daoine óga le chéile atá tar éis a fháil amach an bealach a bhfuil an chruthaitheacht in ann cur lena an saol agus lena gcuid oideachais.
Éist tamall leis na daoine óga inspioráideacha seo agus iad ag déanamh a machnamh ar thábhacht na cruthaitheachta ina saol baile agus ina saol ar scoil:
Ag éisteacht le guth na n-óg