Foghlaimeoidh na cuairteoirí, le linn dóibh oibriú ar an togra ollmhór seo, faoi olann na hÉireann mar ábhar atá nádúrtha agus éadrom ó thaobh cur isteach ar an timpeallacht agus faoin úsáid atá á baint as leis na mílte bliain. Is acmhainn inathnuaite í a fhásann ar an gcaora, ábhar inbhuanaithe is féidir a chur ar fáil gan acmhainní críochta a ídiú. Cuidíonn an chaora freisin le tailte féaraigh a choinneáil i gcaoi mhaith agus le hoiread an CO2 san atmaisféar a ísliú, rud a chuireann in athuair leis na buntáistí ó thaobh cúrsaí timpeallachta.
Deir Lorna McCormack, Príomhfheidhmeannach agus Bunaitheoir Wool in School: “Is breá linn a bheith páirteach sa tionscadal seo lena dtarraingítear aird ar an obair chruthaitheachta a dhéantar le holann na hÉireann. Spreagann an smaoineamh maidir le Balla Olla daoine, gan bheann ar aois ná ar bhunadh, le taitneamh a bhaint as an gcniotáil agus le saothar ealaíne a chruthú as mionphíosaí ilfheidhmeacha oibre ar bhealach spéisiúil. Is de thréithe casta na holla gur beag nach gceapfá nach agatsa amháin a bhíonn smacht air agus é á mhúnlú ina shaothar críochnaithe ealaíne.”
Le linn Chomórtas na Treabhadóireachta, beidh an Balla Olla á chruthú ag na cuairteoirí a thugann faoi na bearta cniotála seo agus ag Michelle agus meitheal cheardaíochta Wool in School a chuirfidh na píosaí le chéile i bPuball an Chultúir, na Cruthaitheachta, na Nuálaíochta agus an Spóirt.
Beidh toradh an tsaothair, lena mbainfidh ceithre cinn de phainéil olla, á chur ar taispeáint in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann. Beidh olann de dhéantús Donegal Yarns, Galway Wool, Ciarán’s Yarns agus Ériu in úsáid don Bhalla Olla.
Féach clár na seónna beo ar an stáitse ag Ardán 360, Bloc 3:
Dé Máirt, an 19 Lúnasa
11 r.n. Grúpa Traidisiúnta
1.00 i.n. Plé Painéil maidir le hOlann
15.00 i.n. Racghrúpa Music Generation
Dé Céadaoin, an 20 Lúnasa
11.00 r.n. Cór Malva na hÚcráine
15.00 i.n. Bass Brothers
Déardaoin, an 21 Lúnasa
11.00 Ceolfhoireann Thraidisiúnta
12.30 Cór Bunscoile na Sláinte (le deimhniú)
13.00 Cór Malva na hÚcráine