Skip to main content
Flowers for Wellbeing


Nuacht

Bronann Éire Ildánach €1.2 mhilliún ar thionscadail chruthaitheacha sláinte agus folláine

Scroll
min read

Bronann Éire Ildánach €1.2 mhilliún ar thionscadail chruthaitheacha sláinte agus folláine

min read

22/05/24

Bronann Éire Ildánach €1.2 mhilliún ar thionscadail chruthaitheacha sláinte agus folláine

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., deontais níos mó ná €1.2 mhilliún chun tionscadail a mhaoiniú a thacaíonn le sláinte agus folláine tríd an gcruthaitheacht.

  • €1,021,000 do 15 thionscadal chruthaitheacha sláinte agus folláine pobail lena n-áirítear 4 thionscadal uile-oileáin
    ar tacaíodh leo mar chuid de thionscnamh Oileán Comhroinnte, le tionscadail a chuimsíonn cóir phobail, scéalaíocht chruthaitheach agus cruthaitheacht mar chuid de chúram cardashoithíoch iomlánaíoch.
  •  Cuireann Éire Ildánach agus an Roinn Sláinte maoiniú €200,000 ar fáil do 11 thionscadal cheoil bheo i suíomhanna cúraim cónaithe

Soláthrófar sa Scéim Ildánach Sláinte agus Folláine Pobail:

 

  • €756,360 ó Éire Ildánach do 11 chomhpháirtíocht Údaráis Áitiúil do thionscadail ealaíon agus sláinte sa phobal, i bpobail FSS agus in ospidéil.
  • Leithdháileadh €265,133 eile de mhaoiniú Oileán Comhroinnte
    ar 4 chomhpháirtíocht trasteorann ealaíon agus sláinte ar fud oileán
    na hÉireann faoi stiúir na n-Údarás Áitiúil.
  • Dearadh gach ceann de na 15 thionscadal chun sláinte agus folláine gach aoisghrúpa a fheabhsú i réimsí mar:
    • Gníomhaíochtaí oideasú sóisialta
    • Páistí a mbíonn breoiteacht ainsealach orthu
    • Deireadh saoil agus bás
    • Aosú dearfach

Léireofar i ngach ceann de na 15 thionscadal seo an chaoi a gcuireann an chruthaitheacht sláinte agus folláine chun cinn, bíodh sé trí thaibhléiriú nó físealaíon, trí ghníomhaíochtaí ceardaíochta nó oidhreachta. Cuidíonn teacht ar a gconair chruthaitheach le daoine ceangal a dhéanamh go sóisialta, ag cur lena bhféinmhuinín agus a n-acmhainneacht, ag cumasú an téarnaimh agus á gcumhachtú chun a sláinte agus a bhfolláine féin a bhainistiú ar feadh a saoil. Sna tionscadail uile-oileáin leagfar béim ar rannpháirtíocht chultúrtha agus chruthaitheach trasphobail chun tacú le comhfholláine ar fud na bpobal go léir.

Cuireadh tús le Léirithe Ceoil Bheo i Suíomhanna Chúram Sláinte Cónaithe le linn COVID-19 agus reáchtáladh 1800 ceolchoirm i dtithe cúraim. Sna léirithe seo tacaíodh le haosú dearfach, agus soláthraíodh iontu deiseanna rannpháirtíochta cruthaitheacha do dhaoine níos sine a bhí scartha go sóisialta.

D’aontaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí leanúint ar aghaidh ag tacú le ceol beo in áiseanna cúram sláinte cónaithe le linn 2024. Éascófar é seo trí na cláir uile-rialtais in Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil sa Chabhán, i gCathair Chorcaí, i nDún na nGall, i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gCill Chainnigh, i Laois, i Luimneach (leis an gClár agus Tiobraid Árann), Maigh Eo, sa Mhí, i Muineachán agus i Loch Garman.

Ag labhairt inniu ag cruinniú d’fhoirne Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil na nÚdarás Áitiúil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD:

 “Tá ról tábhachtach ag rannpháirtíocht sa chruthaitheacht,  gníomhach nó éighníomhach, maidir le sláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn. Cruthaíonn sé spás le haghaidh nasc sóisialta, a fheabhsaíonn féinmheas agus acmhainneacht.  Cuidíonn sé le daoine fáil réidh le strus agus scíth a ligean, agus tacaíonn sé le daoine a sláinte agus a bhfolláine a bhainistiú agus téarnamh a chumasú. Cuirfidh an maoiniú deontais seo ar chumas foirne Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil na nÚdarás Áitiúil leanúint leis an obair iontach atá á déanamh acu laistigh dá bpobail, chun folláine a fheabhsú trí chruthaitheacht. Tá áthas ar leith orm tacú le tionscadail ina gcuirfear folláine chomhchoiteann chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus ina dtabharfar pobail le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir cruthaitheacht a úsáid ar mhaithe lenár sláinte iomlán.”

Dúirt An tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Colm Burke:

“Léiríonn fianaise go bhfuil tionchar ag an gcruthaitheacht agus ag na healaíona ar an sláinte fhisiciúil agus ar an meabharshláinte. Leis an Scéim Ildánach Sláinte agus Folláine Pobail, beidh beidh taibhseoireacht chomhoibríoch agus nuálaíoch ar ardchaighdeán ar fáil do raon éagsúil daoine, ón óige go dtí an scothaois, ag cur lena folláine sóisialta agus aonair agus ag tacu le saol níos sláintiúla.  

Mar aon leis an dea-thionchar ar rannpháirtithe agus an bhuntáiste don stór eolais idirnáisiúnta, neartóidh na bearta seo na struchtúir chomhoibrithe atá againn in Éirinn, san earnáil Rialtais Áitiúil agus sna réigiúin sláinte.”

 

Tionscnamh Oileán Comhroinnte

Tugann an Rialtas iomlán tús áite do thionscnamh Oileán Comhroinnte chun dul i ngleic le gach pobal agus traidisiún polaitiúil chun comhdhearcadh a thógáil maidir le todhchaí roinnte ar an oileán, a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca leis.

Faigheann tionscnamh Oileán Comhroinnte tacaíocht ó Chiste Oileán Comhroinnte an Rialtais, agus imfhálaíodh ar a laghad €1 bhilliún go 2030 chun gealltanais agus cuspóirí infheistíochta uile-oileáin a sheachadadh i gClár an Rialtais agus i bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe 2021-30; bunaithe ar chlár rannpháirtíochta le daoine ar fud an oileáin trí shraith comhráite Oileán Comhroinnte agus clár cuimsitheach taighde beartais, ina soláthraítear bonn fianaise agus anailíse níos láidre ar oileán na hÉireann thar raon réimsí eacnamaíocha, comhshaoil ​​agus sóisialta.

Tá sé mar aidhm ag gné Oileán Comhroinnte de Chlár Éire Ildánach an chruthaitheacht a chur chun cinn ar bhonn oileán comhroinnte chun, inter alia, comhoibriú a neartú le haghaidh oileáin atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil ​​agus na sochaí de. Tá tuilleadh sonraí faoi thionscnamh Oileán Comhroinnte, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le Clár Éire Ildánach, ar fáil ar www.gov.ie/sharedisland

Stay up to date

×