Skip to main content


Nuacht

Sláinte agus Folláine Ildánach - Oideasú Sóidialta

Scroll
min read

Sláinte agus Folláine Ildánach - Oideasú Sóidialta

min read

14/03/24

Sláinte agus Folláine Ildánach - Oideasú Sóidialta

Beidh an Lá Náisiúnta um Oideasú Sóisialta 2024 ar siúl ar an 14 Márta agus is féidir leat tuilleadh a fháil amach ag an nasc thíos. Le linn na bliana 2023, tríd an gClár Éire Ildánach, tugadh tacaíocht do líon tionscadal maidir le hOideasú Sóisialta le go dtabharfadh daoine faoi ghníomhaíochtaí agus seirbhísí neamhchliniciúla ina bpobal féin ar mhaithe lena sláinte agus folláine a chur chun cinn agus míchothromaíochtaí sláinte a laghdú. Tá sé cruthaithe cheana féin gur féidir feabhas millteanach a chur ar ár sláinte agus folláine trí muid féin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach agus trí idirghníomhú leis na healaíona agus cultúr.

  • Le Clár um Oideasú Sóisialta ar mhaithe le Sláinte & Folláine dlr (Dún Laoghaire Ráth an Dúin), ar leanadh den chlár ón mbliain 2022 i leith, iarradh ar dhaoine a bheith in éineacht leo do Chaiféanna Cruthaitheacha Leabharlann & Pobal.Is é an aidhm atá leis an gclár spriocdhírithe seo do dhaoine atá faoi mhíchumas ná cuidiú le meabhairshláinte agus folláine rannpháirtithe a fheabhsú agus an bhraistint aonraithe a bhíonn ag grúpaí leochaileacha dá leithéid inár sochaí a laghdú. Reáchtáladh seisiúin réamhbhlaiste seachtainiúla maidir le gníomhaíochtaí éagsúla sular cuireadh cupán deas tae ar fáil i measc cairde.
  • I mí Samhna na bliana 2023, sheol Comhairle Contae Chorcaí Tionscadal ‘Ealaíona agus Comhrá’ chun dul i ngleic le haonrú sóisialta agus deis a chur ar fáil do dhaoine atá ag déileáil le haonrú sóisialta tabhairt faoi chaithimh aimsire nua agus bualadh le daoine nua. Leis na ceardlanna, cuirfear réimse leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fáil idir cheirdeanna traidisiúnta, ealaíona, cheol agus rince, agus béim á leagan ar oidhreacht agus thraidisiúin áitiúla a cheiliúradh.
  • Reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall suas le 16 imeacht ar fud an chontae, áit ar cheangail oibrithe caidrimh an chruthaitheacht lena gcláir folláine trí chur chuige atá dírithe ar chliaint. Rinneadh iniúchadh ar nascadh leis an bhfarraige, cruthaitheacht, cúrsaí bia a chur faoi chaibidil, scéalaíocht agus gairneoireacht. Gné bharrthábhachtach de na cláir a bhí á leagan amach ab ea forbairt phearsanta, chun cuidiú le muinín agus cumarsáid a fhorbairt agus dearcadh éagsúil i leith cúrsaí a spreagadh.
  • Cuireadh an tionscadal um Oideasú Sóisialta ó Chomhairle Contae Chiarraí “Tusa, Mise, Cruthaitheacht” ar fáil trí cheithre Ionad Acmhainní Teaghlaigh i gCiarraí. Déanfar áit níos ionchuimisithí den phobal ina gcuirfear fáilte roimh chách de réir an éitis “Baineann an ealaín le cách”. Thuairiscigh Oibrithe Caidrimh um Oideasú Sóisialta gur cuireadh deis iontach ar fáil do chliaint tríd an tionscadal seo le go mbeadh níos mó roghanna atreoraithe acu – atá saincheaptha chun tacú le léiriú, nascadh agus muinín iontu féin mar dhaoine cruthaitheacha, ar trí sin a mhéadaítear braistint na folláine & sláinte.
  • Tá Seirbhísí Saoil Teaghlaigh i Maigh Eo dúthrachtach faoi bheatha daoine a fheabhsú trí Oideasú Sóisialta ealaínbhunaithe, agus lean siad dá Flourish Creative Café agus den Chiorcal Ceoil mhachnamhaigh John Hoban mar chuid dá dtionscnamh um oideasú sóisialta chun tacú le féinfhollasú agus nascadh pobail trínár ngníomhaíochtaí éagsúla agus cruthaitheacha. Agus béim á leagan ar uileghabhálacht, folláine agus rannpháirtíocht an phobail, is trí Flourish a thugtar cumhacht chlaochlaitheach na cruthaitheachta chomh fada le gach teaghlach. Is féidir le rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar an aoibhneas a bhaineann le Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Sníomh na Sailí, agus tuilleadh nach iad, ar tríothu sin a chothaítear ceangail a mhaireann ar feadh an tsaoil.
  • Bhí Comhairle Contae Ros Comáin i gceannas ar Chlár Túis Eolais faoin gCruthaitheacht inar cuireadh réamheispéiris chruthaitheachta ar fáil do chliaint i líon Caiféanna/Mol Cruthaitheachta den chuid is mó, lenar áiríodh cúrsaí maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach, clubanna leabhar, scéalaíocht shóisialta, amharcealaíona & ceardaíocht, cóir, agus disciplíní cruthaitheacha eile le téama sóisialta do na haoisghrúpaí éagsúla. Chomh maith leis sin, cuireadh tacaíocht ar fáil chun costais a chlúdach maidir le haistir, a bheith i láthair, agus corrchupán tae a ól ag imeachtaí cultúir agus cruthaitheachta a ndeachaigh an tOibrí Caidrimh um Oideasú Sóisialta chun cainte leo, ar nós Ionaid Ealaíon, Ionaid Staire & Oidhreachta, Féilte Siúlóide, Ranganna Ealaíne, Ranganna Scríbhneoireachta, Ranganna Códúcháin, Imeachtaí Amharclannaíochta/Rince don Óige.
  • I dTiobraid Árann, i ndiaidh do rannpháirtithe dul i mbun plé leis na hoibrithe caidrimh um Oideasú Sóisialta sa chontae, léirigh na rannpháirtithe spéis sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach, na hEalaíona agus an Cheardaíocht, ceol, agus freastal ar léirithe. Cuireadh gníomhaíochtaí éagsúla i gcrích, lenar áiríodh ceardlanna maidir le Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Ceardlanna maidir le Léarscáiliú, Ceardlanna Ealaíne agus cuairteanna ar léiriúcháin éagsúla. Fuarthas aiseolas an-dearfach ó chliaint;

 

“Laghdaigh sé mo strus. Thug sé sos dom ó bhrúnna an tsaoil.”

“Chuir sé ar mo shúile dom an tairbhe a bhaineann leis an ealaíon maidir lenár sláinte agus meon i gcoitinne.”

“Thug sé an mothú sin dom go raibh mé san áit cheart agus bhí mé suaimhneach. Bhí mé ar bís ag fanacht le maidineacha Déardaoin!”

“D’athraigh sé mo shaol, chorraigh mé amach ní ba mhinicí, ní raibh mé chomh faiteach dá bharr, agus bhí m’fholláine i bhfad ní b’fhearr dá bharr.”

Níos mó eolais ar fáil anseo

Stay up to date

×