Tá comórtas ealaíne faoi leith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge a oirfidh do bhuachaillí agus do chailíní agus deis á thabhairt do dhaltaí bunscoile agus do dhaltaí dara leibhéal geansaí a dhearadh d’fhoireann CLG agus geansaithe don rang ar fad ar fáil mar dhuaiseanna ag na buaiteoirí. Is féidir teimpléid a fháil anseo agus tosú i mbun dearthóireachta: https://snag.ie/en/colouring-competition/
Tá na céadta de leanaí Dhún na nGall páirteach i bhfeachtas ealaíne ar líne a sheol an tIonad Réigiúnach Cultúir i Leitir Ceanainn d’fhonn leanaí a spreagadh i mbun cruthaitheachta agus iad sáinnithe ina n-áit cónaithe féin. Tá beartaithe ag an ionad taispeántas den saothar ealaíne a chuirtear isteach a chur ar siúl a luaithe a bhíonn rudaí ar ais mar is gnáth ach is féidir le leanaí ar fud na hÉireann, idir an dá linn, a gcuid ealaíne a chur suas ar leathanach Facebook RCC Young Artists mar a seoltar an dúshlán is deireanaí ag a 6 i.n. gach lá.
Tá réimse de bhearta gníomhaíochta do leanaí ag baile curtha le chéile ag My Kids Time, mar shampla, péinteáil éadain, tarraingt pictiúir, spraoi le Lego, cluichí agus scríbhneoireacht, iad ar fad ar fáil ar an láithreán gréasáin https://www.mykidstime.com/
As seo go ceann roinnt seachtainí, beidh rogha fada fairsing d’acmhainní cruthaitheachta saor in aisce á gcur ar fáil ag Éire Ildánach chun cuidiú libh #CreateAtHome.