D’fhógair an tAire Josepha Madigan inniu roinnt de na deiseanna nua taitneamh a bhaint as bearta cultúir agus cruthaitheachta ar líne atá á gcur ar fáil ag na forais náisiúnta cultúir, an Chomhairle Ealaín, Fís Éireann, TG4 agus RTÉ, chomh maith le páirtithe nua de leithéid Facebook. Beidh cion tairbhe á dhéanamh ag Éire Ildánach chomh maith. As seo go ceann roinnt seachtainí, beidh rogha acmhainní cruthaitheachta ar líne saor in aisce á gcur ar fáil chun cuidiú le daoine #CreateAtHome. Idir iarsmalanna agus dhánlanna, ealaíontóirí, dearthóirí agus scríbhneoirí, is iomaí deis á thabhairt ag forais agus daoine aonair in Éirinn duit an chruthaitheacht a thapú agus d’intinn a bhíogadh agus tú asat féin.
Tá na páirtithe maidir le Fighting Words ag coinneáil leis an obair rífhiúntach trí acmhainní ar líne a thabhairt chun cinn le bonn treise a chur faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i mBéarla agus i nGaeilge. Spreagfaidh Story-Starter, do scríbhneoirí na bunscoile idir 7 agus 12 bliana d’aois, an tsamhlaíocht sna leanaí agus cuideofar leo tús a chur lena scéal. Cuirtear fáilte roimh dhánta, scéalta, ficsean grafaice, drámaíocht agus eile ó dhaltaí dara leibhéal idir 13 agus 17 bliana d’aois lena dtiomsú in Analecta, cnuasach ar líne. Seiceáil a bhfuil ar siúl ar https://www.fightingwords.ie/news/we-want-your-stories-send-your-creative-writing-fighting-words