Faoin dearcadh saineolach agus cruthaitheach atá ag Aengus Kennedy ó NatureNorthWest agus ag Charlie Doherty ó Charlie Joe Films, díríodh sa tionscadal seo ar roinnt de na speicis oidhreachta nádúrtha is coitianta agus is suntasaí i nDún na nGall – crainn dhúchasacha na hÉireann.
Is éard is aidhm leis an tionscadal seo ná acmhainn oideachais a chruthú don phobal, do ghrúpaí pobail agus do scoileanna faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann. Go dtí seo is fíorbheag eolais scannánaithe a bhí ann faoi speicis crann dúchasach na hÉireann. Ligtear do ghrúpaí sa tionscadal seo teacht ar eolas faoi speicis riachtanacha a fhásann in go leor timpeallachtaí ar fud an chontae agus na tíre. Cuirtear an t-eolas ar fáil i bpacáistí simplí soláimhsithe atá lán le fíricí tarraingteacha. Pléifear agus déanfar iniúchadh ar shainaithint, ar acmhainn bhithéagsúlachta, ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus ar an áit atá acu sin i nDún na nGall agus in oidhreacht na hÉireann. Is iontach an rud é sin chun duine a spreagadh chomh maith le heolas praiticiúil a chur ar fáil chun cuidiú le hoideachas a thabhairt do dhaoine, dearcthaí a athrú agus spéis a spreagadh in oidhreacht nádúrtha áitiúil.
I ngach scannán, foghlaimeoidh tú faoi mar is féidir crann a aithint, faoin ról atá ag an gcrann chun tacú leis an mbithéagsúlacht agus faoi mar a dhéanann an crann seirbhísí éiceachórais dúinne. Tá na scannáin feiliúnach d’aon duine a bhfuil spéis acu i gcrainn dhúchasacha na hÉireann, faoi mar is féidir na crainn a aithint agus faoin tábhacht atá acu i dtírdhreach na hÉireann. Is é Charlie Joe Gallagher a rinne an scannánú i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha atá go haoibhinn agus is é Aengus Kennedy ó NatureNorthWest a rinne an tráchtaireacht agus a chuireann ceangal duine le gach speiceas san áireamh. Mar shampla in eipeasóid 10 faoin bhFuinseog (Common Ash), tagraíonn sé do sheanrann sa Bhéarla:
“If the Ash comes out before the Oak, we’re in for a soak,
If the Oak comes out before the Ash, we’re in for a splash”
Fuair an tionscadal seo tacaíocht ó Scéim Deontais Cruthaitheachta agus Cultúir Dhún na nGall d’fhonn eolas a fháil faoi chrainn dhúchasacha na hÉireann, an bhithéagsúlacht a bhaineann leo, agus an t-eolas sin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach tarraingteach a bhfuil teacht air.
Féach ar na 10 eipeasóid ar fad thíos:
Eipeasóid 1 – Dair (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 1 DAIR – YouTube
Eipeasóid 2 – Péine Albanach (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 2 PÉINE ALBANACH – YouTube
Eipeasóid 3 – Leamhán Sléibhe (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 3 LEAMHÁN SLÉIBHE – YouTube
Eipeasóid 4 – Beith (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 4 BEITH – YouTube
Eipeasóid 5 – Caorthann (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 5 CAORTHANN – YouTube
Eipeasóid 6 – Crann Creathach (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 6 CRANN CREATHACH – YouTube
Eipeasóid 7 – Coll (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 7 COLL – YouTube
Eipeasóid 8 – Cuileann (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 8 CUILEANN – YouTube
Eipeasóid 9 – Fearnóg (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 9 FEARNÓG – YouTube
Eipeasóid 10 – Fuinseog (178) Crainn Dhúchasacha na hÉireann – EIPEASÓID 10 FUINSEOG – YouTube