“Gnáthóg le haghaidh lear mór rudaí beo”
Cuimsíonn Páirc Ghleann na Trá Móire 170 acra amach ó Nascbhóthar Theas na cathrach agus is mór an t-athrú atá tagtha ar a thimpeallacht i rith na mblianta. Ó na 1960idí go dtí 2009, úsáideadh an láithreán mar láithreán líonadh talún agus cuireadh os cionn 3 mhilliún tonna dramhaíola ó thithe agus ó ghnólachtaí i gCorcaigh isteach ann. Rinneadh pleananna chun úsáid nua a bhaint as an talamh, agus deich mbliana tar éis don láithreáin líonta talún a bheith dúnta, rinneadh an suíomh a athrú ó bhonn go raibh sé ina pháirc phoiblí do mhuintir Chathair Chorcaí. Bhí sé ansin ina ghnáthóg ag lear mór rudaí beo agus tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo ‘caidreamh’ a bhunú leo seo.
Míníonn na healaíontóirí LennonTaylor:
“Is ionad seandálaíochta í an Pháirc dár stair féin, stair ár gcairde, agus stair gach aon duine againn a mhair agus a d’fhás aníos sa chathair sna blianta sin. Is cuid den pháirc sin muid, táimid freagrach, is linn cuid de stair an tírdhreacha sin. Is dúshlán don tsamhlaíocht é The KinShip Project i ré seo an athraithe aeráide, agus dúinn go léir.”
Tugann LennonTaylor cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i The Midden Chronicles, a dhéanfaidh léarscáiliú domhain, a thógfaidh bliain, ar an bpáirc. Tugann siad le fios gur cineál scéalaíocht chomhaimseartha, nuair a chuirtear le chéile iad, atá sna gníomhaíochtaí laethúla cosúil le fás, sealgaireacht, múiríniú, athfhilleadh, siúl, beachaireacht, plandáil agus an mheicníocht bhraite. Agus iad obair le comhpháirtithe déanfaidh siad léaráid ealaíontóra a thaifeadadh, a chraoladh, a léiriú, a scríobh, a shamhlú, a chruthú agus a roinnt leis an bpáirc, leis an bpobal beo i gcoitinne agus le saoránaigh Chathair Chorcaí.