In 2017 seoladh Clár Éire Ildánach mar thionscnamh cultúir agus folláine uile-Rialtais agus é tiomanta don fhís gur chóir go mbeadh deis ag gach duine in Éirinn barr cumais a bhaint amach ó thaobh na cruthaitheachta de.
Ó shin i leith cruthaíodh na mílte deiseanna le go bhféadfaí ligean leis an éiceachóras cruthaitheachta. Cuireadh é seo i gcrích trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú idir an Rialtas Láir agus an Rialtas Áitiúil, na healaíontóirí agus an pobal cruthaitheach i gcoitinne agus, thar aon dream eile, na pobail ina raibh na tionscadail á seachadadh iontu.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Leanfaidh mo Roinn de bheith ag obair le comhpháirtithe sa Rialtas Láir agus sa Rialtas áitiúil, trí Chlár Éire Ildánach, chun úsáid a bhaint as cumhacht na cruthaitheachta mar thaca don fholláine i ngach pobal. Cé gur theastaigh uaim go gcoinneodh Éire Ildánach na tosaíochtaí atá ann ó thaobh daoine óga, pobail áitiúla agus deiseanna do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, tá an-áthas orm gur aontaigh an Rialtas gur chóir go gcuirfí tuilleadh béime ar chúrsaí sláinte agus folláine, ar ár dtionscail ildánacha, ar an ngníomhú ar son na haeráide, agus ar an inbhuanaitheacht shóisialta. Thar aon rud eile teastaíonn uaim go mbeimid, tríd an gclár seo, ag cur leis na deiseanna a bhíonn ar fáil do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste ionas go mbeidh siad gafa leis an gcruthaitheacht.”
Trí Éire Ildánach, leag an Rialtas béim ar an ról tacaíochta atá ag an gcultúr agus ag an gcruthaitheacht sna polasaithe a bhaineann le cúrsaí oideachais, sláinte agus folláine, leis an nuálaíocht, an caidreamh idirnáisiúnta, an fhorbairt áitiúil inbhuanaithe agus an tacaíocht bhreise a thugtar do na tionscail Ildánacha.
Le cúig bliana anuas tá Clár Éire Ildánach tagtha chun cinn mar chreat dearfach chun athrú a chur i bhfeidhm. Tá os cionn 7,500 tionscnamh cruthaitheach, faoi stiúir an phobail, ar fud na tíre atá tar éis na rannphairtíochta, an chuimsithe agus an léirithe cultúrtha a chur chun cinn. Ina measc seo tá tionscnaimh ar nós Cruinniú na nÓg, tionscnamh a thugann deis do na mílte leanaí in Éirinn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.
Bhí Éire Ildánach ina ceannródaí mar a bhaineann le polasaí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt do chomhdhálacha inar pléadh smaointe nua maidir le ról na cruthaitheachta san oideachas agus i saol na ndaoine óga, ról an chultúir inár gcóras cúraim sláinte agus an ról atá ag an dearadh seirbhíse fud fad na seirbhíse poiblí.
Ar bhuaicphointí an chláir tá:
Cuireadh tús le Cruinniú na nÓg in 2017. Is ócáid thábhachtach í seo anois i saol cultúrtha na ndaoine óga in Éirinn agus níl aon imeacht eile dá leithéid ar domhan. In 2022 ghlac os cionn 101,000 duine óg páirt i 1,690 imeacht cultúrtha saor in aisce a bhí faoi stiúir bhreis agus 1,200 cleachtóir cruthaitheach. Thug na himeachtaí seo deis do dhaoine óga rud éigin nua a thriail agus a gcumas cruthaitheacha féin a léiriú.
Gníomhaíocht Ildánach ar son na hAeráide. Tarraingíonn an tionscnamh uathúil seo na scileanna agus an saineolas atá ag an bpobal cruthaitheach le chéile, ag na gníomhaithe aeráide, na heagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht acadúil, eagraíochtaí agus pobail an rialtais áitiúil d’fhonn tionscadail a chruthú a chuirfidh leis an bhfeasacht agus a athróidh na hiompraíochtaí sin a chabhraigh leis an ngéarchéim aeráide a dhéanamh níos measa. Tá an dara Ciste um Ghníomhú go hIldánach ar son na hAeráide díreach seolta le tacaíocht airgeadais ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ó Roinn an Taoisigh.
Mar fhreagra ar an scoiteacht a tharla de bharr na dianghlasála in 2020, d’oibrigh Clár Éire Ildánach leis an Mobile Music Machine chun an t-aoibhneas agus an fuinneamh a bhaineann le ceol beo a thabhairt chuig tithe cúraim agus suíomhanna ospidéil timpeall na tíre. Agus é ag taisteal go leanúnach le linn na géarchéime, chuir Mobile Music Machine os cionn 1650 ceolchoirm, a raibh breis agus 100 ceoltóir páirteach iontu, ar siúl i dtithe altranais agus i dtithe cúraim i 23 contae.
In 2022 rinne an clár píolótú ar shé thionscadal cruthaitheach de chuid Oileán Comhroinnte agus leas á bhaint as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha d’fhonn pobail a thabhairt le chéile agus ár bhféiniúlachtaí chomhroinnte a neartú. Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán anois don tionscadal, a mbainfidh caiteachas réamh-mheasta €6 milliún leis thar thrí bliana.
Tá Clár Éire Ildánach faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus é deartha chun an chruthaitheacht a chur chun cinn mar straitéis a chuideoidh leis an bhfolláine, leis an imeascadh sóisialta agus leis an ngeilleagar. Is é an bunchoincheap atá taobh thiar de ná go gcuidíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha le feabhas a chur ar fholláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin. Déanann an Roinn a dícheall, trí Éire Ildánach, tuiscint agus meas ar an luach a bhaineann le gach gné den chruthaitheacht a chur chun cinn agus an chruthaitheacht a leabú sna beartais phoiblí.