Skip to main content
Child Colouring


Nuacht

Comhpháirtíochtaí tréitheacha: Comhpháirtíochtaí Óige Ildánaí ar bhonn treorach fógartha

Tá trí Bhord Oideachais agus Oiliúna chun tionscnamh nua ina gcuirfear cruthaitheacht daoine óga chun cinn a chur ar siúl ar bhonn treorach.

Mar chuid den chlár Éire Ildánach, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, inniu na trí Bhord Oideachais agus Oiliúna atá chun na comhpháirtíochtaí cruthaitheacha tábhachtacha áitiúla seo a chur ar bun ar bhonn treorach.

Cuidíonn na comhpháirtíochtaí le gach limistéar treorach den Bhord Oideachais agus Oiliúna chun faisnéis a roinnt agus comhoibriú a chothú idir soláthraithe seirbhíse óige ildánaí sa cheantar áitiúil – agus leas níos fearr á bhaint as na hacmhainní, cleachtas agus tionscnamh atá ann cheana.

Is iad seo na trí Bhord Oideachais agus Oiliúna ar éirigh leo:

·       Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

·       Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí

·       Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir

Tá €300,000 curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don treoirthionscadal, agus oibreoidh na comhpháirtíochtaí leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun próisis chomhairliúcháin leis an óige a fhorbairt dá gceantar. Leis sin beidh leanaí agus daoine óga in ann ról lárnach speisialta a ghlacadh agus féachaint ar an gcaoi a bhforbraíonn na comhpháirtíochtaí seo.

Ag labhairt dó ag an bhfógra dúirt an tAire McHugh:

“Cuideoidh na comhpháirtíochtaí seo chun raon leathan gníomhaíochtaí a sheachadadh do leanaí agus daoine óga sna ceantair seo agus táim dóchasach go n-éireoidh leo. Tá sé tábhachtach go bhforbraítear scileanna cruthaitheachta agus solúbthachta inár gcuid leanaí agus daoine óga chun iad a réiteach don saol mór amach anseo.”

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, TD:

“Is cuid riachtanach den chlár Éire Ildánach iad na comhpháirtíochtaí seo a bheidh mar ghníomhairí don athrú laistigh dá bpobail áitiúla, ag aimsiú bealaí nua oibre agus ag tacú le hoideachas cruthaitheach agus cultúrtha na mílte leanbh agus duine óg.”

Deis eisceachtúil é do na Boird Oideachais agus Oiliúna comhpháirtíochtaí agus comhoibriú nua a fhás leis na hacmhainní cultúrtha agus cruthaitheachta atá ar fáil go háitiúil, agus cuirfidh na comhpháirtíochtaí tréitheacha seo leis an deis chruthaitheach a thugann scoileanna don duine óg.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×