Skip to main content
3 Ministers and Kids

Scoileanna
Ildánacha

Scoileanna Ildánacha

Níl áit is fearr le tosú amach ar shaol na cruthaitheachta – leis an gcruthaitheacht sa seomra ranga, cothú na cruthaitheachta ar fud na scoile, cúnamh taca ina leith sin, ar an mbealach is fearr leis an scoil agus is fearr don scoil agus do leanaí na scoile.

Cuireadh tús i mí Meán Fómhair 2018 le Scoileanna Ildánacha, tionscadal suaitheantais faoin bplean maidir le hAos Óg Ildánach – leis an gComhairle Ealaíon i mbun na ceannródaíochta agus comhpháirtíocht ar bun idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.  Tugtar cúnamh leis an tionscadal seo do scoileanna den uile chineál, i ngach contae sa tír, tosú amach ar shaol nua cruthaitheachta.

Tá 300 scoil i ngach uile chuid den tír páirteach sa togra sa bhliain 2019/20. Tá bunscoileanna agus scoileanna iarbhunscolaíochta i gceist agus béim faoi leith ar scoileanna a thagann faoin scéim DEIS agus ar scoileanna speisialta.  Tugtar liosta na scoileanna reatha anseo.

Féachtar faoi Scoileanna Ildánacha le cúrsaí ealaíne agus cruthaitheacht a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh mar gné lárnach de shaol na scoile agus an chruthaitheacht sa leanbh agus san ógánach a chothú mar chuid dílis den oideachas.

Bíonn Comhalta Cruthaitheachta ar fáil ag gach scoil chun cúnamh taca a thabhairt maidir le plean na scoile a leagan amach agus ceangal a nascadh idir an scoil agus eagraíochtaí ealaíne & cultúir.  Bíonn buiséad €2,000 ag gach scoil le caitheamh de réir a dtogra féin.

Cuidítear le scoileanna Plean Cruthaitheachta dá gcuid féin a leagan amach faoin tionscnamh seo agus an plean a chur i bhfeidhm an tráth céanna a dtreisítear leis an gcaidreamh idir na scoileanna agus na córais cultúir agus pobail taobh amuigh.

Tá d’aidhm go fadtéarmach leis an tionscnamh go mbeadh cúnamh taca ag gach scoil maidir le healaín agus cruthaitheacht a chothú go cuimsitheach ionas go gcinntítear taitneamh agus toradh fabhrach ag na leanaí agus ag na daoine óga.

Bíonn díograis, dúthracht agus díocas de dhíth i mbun na healaíne ionas go gcothaítear féinmheas agus tuiscint ar idirghabhálaíocht sa leanbh. Is modhanna breátha oibre an ealaín agus an chruthaitheacht ag leanaí agus ag daoine óga trínar féidir caidreamh agus comhoibriú a chleachtadh, an tsamhlaíocht a spreagadh chun ceapadóireachta agus toradh a bhaint as a gcuid fiosrachta.  Cuireann na scileanna sin in éineacht bonn tréan faoin bhfoghlaim de gach cineál.

Is bunghné den tionscnamh seo an tuiscint go bhfuil ról tábhachtach leis an scoil maidir le deiseanna a chur ar fáil do leanaí páirt a ghlacadh i gcúrsaí ealaíne agus cultúir – is eol go dtagann réimse torthaí fabhracha don leanbh de bharr páirt a ghlacadh i gcúrsaí ealaíne agus cultúir, an tsláinte shochmhothúchánach san áireamh chomh maith le forbairt chognaíochta agus meon fabhrach i leith na scoile agus na scolaíochta.

Cuirtear cúnamh dáiríre ar fáil do scoileanna faoi Scoileanna Ildánacha ionas gur féidir leas a bhaint as forbairt den chineál seo trí chúrsaí ealaíne agus cruthaitheachta a chur i gceartlár shaol na scoile.

I mí Márta 2020 a bheidh iarratais á meas ó scoileanna ar mian leo cur isteach ar an gcéad bhabhta eile.

Scoileanna Ildánacha

Open Video

Stay up to date

×