Skip to main content


Nuacht

Beocht a chur i mBrat Bhríde: Grá i mBun Gnímh atá sna Míorúiltí

Scroll
min read

Beocht a chur i mBrat Bhríde: Grá i mBun Gnímh atá sna Míorúiltí

min read

1/01/25

Beocht a chur i mBrat Bhríde: Grá i mBun Gnímh atá sna Míorúiltí

Fuair Naomh Bríd bás 1500 bliain ó shin, agus tá na scórtha ceardaithe, daltaí, agus scríbhneoirí ag cur beochta i mBrad Bhríde chun ceiliúradh a dhéanamh ar a cuid oidhreachta. Chruthaigh an file Bee Smith agus an t-ealaíontóir Morag Donald (Crafting Your Soul) an tionscadal.

Chuir go leor lámh cúnta beocht ina gcuid físe agus cuirfear ar taispeáint  i nDánlann Aodáin, Músaem Chontae an Chabháin í ón 28 Eanáir go dtí an 22 Feabhra le seoladh Dé Sathairn, an 1 Feabhra 2025.

Spreag finscéal an tionscadal faoi bhrat Bhríde a mhéadaigh go míorúilteach agus mar thoradh air fuair sí an talamh dá mainistir i gCill Dara.

Tá breis agus dhá chéad píosa aonair d’obair feilte, prionta geilitín, bróidnéireacht agus cróise maisithe ar an mbrat seachtrach. Scríobh páistí scoile agus daoine fásta ar fud an Chabháin agus níos faide i gcéin breis agus céad paidir, beannacht agus dán scríofa atá ar líneáil an bhrait. Áirítear leis an tionscadal 80 bliain de thaithí; ba dhídeanaí Úcránach a bhí 4 ½ bliain d’aois an rannpháirtí ab óige agus ba bhall den diaspóra Éireannach é an duine ba shine, Brigid McGovern a bhí 84 ½ bliain d’aois, as an Damhshraith ó dhúchas ach a bhfuil cónaí uirthi anois in Birmingham.

Insítear scéal an tionscadail i mBeocht a Chur i mBrat Bhríde

Bringing St Brigid’s Cloak to Life shows the story of the project.

Thacaigh aoi-éascaitheoirí ó Mhol Cruthaitheach Choill an Chollaigh agus an saineolaí bróidnéireachta Fatíma González Méndez leis an tionscadal. Chruthaigh an tEalaíontóir Grianghrafadóireachta Julie Corcoran léirmhíniú spreagtha agus taifead amhairc den tionscadal as fótaisheisiún i bPáirc Bhoirne an Chabháin.

 

Fá chóinne tuileadh eolais, clicéail ar http://www.cavanlibrary.ie/creativeireland

Stay up to date

×